Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 28, 2016

Níl an Réiteach Amháin ar an nGéarchéim Iostais atá i gComhlachtai Príobháideacha

Tá comhlachtaí priobhaideacha ag líonadh an bearna a lig an ghéarchéim iostais, ach ní réiteach iomlán é seo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le fada, lig an ghéarchéim iostais i mBaile Átha Cliath lucht déanta beartas trína chéile agus iad ag lorg réitigh leis, agus is beag suaimhneas a thabharfaidh straitéisí fad-téarmacha do mhic léinn atá ag iontráil sa Choláiste i Meán Fómhair. Agus todhchaí éiginnte ag an bhforbairt iostais, Teach Oisín, agus moill de chúpla bliana ann le haghaidh leathnaithe iostais Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath de €300 milliún, is an earnáil phríobháideach atá ag iarraidh faoi láthair leapacha atá ag teastáil go práinneach a sholáthar do mhic léinn.

Is cinnte go bhfuil an-tóir ar an iostas sin – in ainneoin praghsanna de €824 sa mhí, beidh gach ceann dena 471 leaba sa Mhol Dénártha den Chomhlacht Tithíochta Mac Léinn in úsáid i Meán Fómhair. Ní haon ionadh, dá bharr sin, go bhfuil pleananna le haghaidh iostais níos mó don bhliain seo chugainn ag an gcomhlacht. Agus níl ann ach sean-chráiteoir a dhiúltódh gur cheart go mbeadh fáilte roimh iostas ar bith do mhic léinn.

Áfach, ní féidir le hearnáil phríobháideach fhiontraíoch an ghéarchéim iostais a réiteach ina haonair – is mór atá caillte sa thionscadal iostais idirbhriste a bhí ag Colaiste na Tríonóide, agus ní hamháin an easpa leapacha atá mar chúis leis an gcailleadh sin. Tairgeann plean Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath chun iostas a thabhairt do 3,000 mac léinn ar an gcampas i bhfad níos mó ná a aimsítear in iostas príobháideach.

ADVERTISEMENT

Ar ndóigh, i measc iad sin tá praghsanna níos lú. Tá na praghsanna i Halla na Tríonóide i bhfad níos lú ná na praghsanna ata sa Mhol Dénártha, rud a dhéanann iostas inachmhainne de sin don mhac léinn.

Ach tá na gnéithe níos doláimhsithe d’iostas ollscoile chomh tábhachtach sin freisin. Cé mhéad geamaireachtaí a chuirfear ar siúl in iostas príobháideach? An rachaidh baill foirne timpeall chun cabhrú le mic léinn agus iad ag cur iad féin in óiriúint do shaol na hollscoile? Cé gur deiliúsach iad na samplaí seo, is iontusa a fheicimid luach dáiríre iostais ollscoile. Tá níos mó san aidhm ná seomra a chruthú, ach táimid ag iarraidh comhphobal a aontú le luachanna na hollscoile.

I ngéarchéim iostais, cé chomh tábhachtach atá an comhphobal seo? Cheap Déan na Mac Léinn, Kevin O’Kelly, go gcaillfimid rud éigin gan é: “Cheap mé go mbeimis ag cailleadh deise cabhrú le mic léinn ar feadh a n-idirthréimhse, idirthréimshe atá chomh acadúil is atá sé pearsanta agus forbairtheach,” a dúirt sé le The University Times.

Ar an drochuair, níl tallaine na hearnála príobháidí le haimsiú i dtacaíocht a sholáthar do mhic léinn atá ag tosú a dtréimhse in ollscoil, agus níl mar réiteach ar an ngéarchéim a láithreacht féin. Tá níos mó ná seomra tuillte ag mic léinn, agus tá sé ar an rialtas cinntiú go mbeidh ollscoileanna in ann cuid d’iostas a sholáthar.