Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 25, 2016

Cosúil le Comhionannas Pósta agus Aisghairm an Ochtú Leasaithe, Is Gá do Mhic Léinn Ghluaiseacht Níos Leithne a Dhéanamh d’Agóid Ardoideachais

Is gá do agóid náisiúnta AMLÉ argóintí áititheacha a sholáthar don sochaí ina iomlán, má tá sé ag iarraidh rath feachtais eile a athchruthú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

D’fhreastal na céadta mac léinn agus daoine óga ar an Mairseáil ar son Rogha inné, agus bhí cuid mhór díobh cuidithe agus spreagtha ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) agus aontais na mac léinn éagsúla ar fud na tíre. Nocht an mairseáil, a bhí rath mór aici, an tacaíocht atá i ngach aicme agus i ngach glúin den sochaí i bhfabhar aisghairme an ochtú leasaithe.

Bhí AMLÉ in ann a ghuth a dhéanamh sochloiste le linn an fheactais, agus d’áitigh sé nár buncheist mic léinn atá inti. Roimh an reifrinn chomhionannais pósta, bhí ról ag AMLÉ maidir le mic léinn a chlárú agus an uimhir mór vótóirí a chinntiú. Áfach, cé go mbeidh an feachtas i bhfabhar aisghairme an ochtú leasaithe agus comhionannas pósta in ann daoine de gach aois agus gnéas a aontú, beidh dúshlan níos mó ag an aontas agus iad ag déanamh iarracht an saghas tacaíochta sin a thionól maidir le buncheist maoinithe ardoideachais, a bhaineann go díreach le mic léinn.

Tá sé tuartha go mbeidh sluaite móra daoine ag an lá náisiúnta agóide i mí Dheireadh Fómhair, a dhéanfaidh iarracht “comhdhearcadh agus tacaíocht” i dtreo córais oideachas a mhaoinítear go poiblí, agus is féidir leis an aontas brath ar thacaíocht na mac léinn, daoine atá taithí dhíreach acu de na dúshláin agus cíorruithe a bhaineann le fo-mhaoiniú ardoideachais. Bhí dul chun cinn mór ag AMLÉ i dtionól comhghuaillíochta aontas éagsúla, Cónaidhm na Múinteoirí Ollscoile in Éirinn agus Aontas na Múinteoirí in Eirinn ina measc.

ADVERTISEMENT

Ach, tá an chuid is mó den sochaí fós á háiteamh ag AMLÉ. I gcodarsnacht le comhionannas pósta agus an feachtas aisghairme, níl comhghuaillíocht chinnte agus leathan ann a bheidh mar chomhghuaillí. Tá fadhbanna mac léinn imeallach don sochaí ina iomlán fós.

Tá sé níos tábhachtaí dá bharr sin go mbeadh “comhdheacadh agus tacaíocht” sa tsochaí iomlan mar aidhm ag an lá agóide. Bhí láithreacht seandaoine díograiseacha mar cheann dena gnéithe is cumhachtaí den mhairseáil Dé Sathairn, agus iad ag léiriú gur thacaigh siad aisghairm an ochtú leasaithe. Is é sin an ghlúin gur cheart go mealladh AMLÉ. Cibé acu maoiniú nó deontais na n-iarchéimithe atá i gceist, ta sé riachtanach go mothaítear tábhacth na mairseála taobh amuigh den ardoideachas chun bheith fíor-rath aici.