Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 18, 2016

Déanann Droch-Chumarsáid Inmheánach Strus Mac Léinn Níos Measa

Déanann riarachán an Choláiste faillí i mbeartais simplí a chur i bhfeidhm chun mic léinn a chur ar an eolas, agus ar a suaimhneas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá taithí mhór ag mic léinn atá ag leanúint a gcuid staidéir de chastacht agus dothuigtheachta riaracháin inmheánaigh Choláiste ná Tríonóide. Áfach, do mhic léinn atá ag cur tús lena dtreimhsí staidéir, beidh riarachán casta an Choláiste ag éirí mar chúis bhrú agus strus ina dtaithí ollscoile.

Cé gur mór an dúshlán atá i gcomhordú 16,000 fochéimí, i dteannta mórán iarchéimithe agus baill foirne, tá próisis riaracháin an Choláiste níos deacra ná gur cheart go mbeidís. Áfach baineann na fadhbanna sin, don chuid is mó, leis an easpa cinnteachta agus eolais a sholáthraítear faoi dhátaí, amlínte agus tnútháin chun riachtanais Choláiste a chlárú agus a eagrú. Bainfí an chuid is mó den mhearbhall sin le níos mó eolais faoina bhfuil ag teacht, chomh maith le rabhaidh nuair a mhoilltear na próisis iarratas.

Chonacthas sampla soiléir den mhearbhall a rialaíonn riarachán inmheánach an Choláiste i tairiscintí tithíochta ar champas i mbliana. Cé gur roinneadh na tairiscintí i mí Bhealtaine don bhliain acadúil seo chugainn, níor thugadh deimhniúcháin díobh sin roimh lár míosa Meithimh. Níor sheoladh aon eolas nó rabhadh faoin moill do mhic léinn. De bharr na géarchéime iostais, cuireadh strus mór ar mhic léinn tríd iad a ligint gan eolas.

ADVERTISEMENT

Tá sampla eile den neamhaird sin ar riachtanais eolais mac léinn le feiceáil i gcur ar ceal Litir Nuachta na gCumann. Do fhreisear a bhí ag teacht isteach sa Choláiste don chéad uair, sholáthar an litir nuachta eolas úsáideach faoina a bheadh rompu sa chéad seachtain, faoin réimse cumann a bhí ar fáil acu agus cén áit ina aimseofaí iad. Ní raibh cur ar ceal na litreach nuachta tuillte ag buairt faoi theorainneacha ama agus faoi chosaint eolais phearsanta, nuair a aithnítear an tairbhe a thug sí do mhic léinn: níos mó eolais faoina raibh amach rompu le linn tréimhse ina bhfuil gach rud difriúil agus beagán scanrúil.

Ba leor ríomhphost simplí a mhínigh gur mhoilleadh na tairiscintí iostais ach go seolfaí iad i lár Meithimh. Is deacair an rud é bainistíocht éileamh mílte mac léinn. Ní deacair eolas soiléir a thabhairt dóibh faoi spriocdhátaí.