Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 4, 2016

Léiríonn Óstáil Peile Mheiriceánaí i gColáiste na Tríonóide a Ról mar Ollscoil Domhanda

Cé go bhféadfaí bheith soiniciúil faoina cúiseanna le tíortha thar an AE a chuimsiú, léirigh an deireadh seachtaine staid ceannasach agus domhanda na hollscoile.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus Coláiste na Tríonóide ag óstáil ollslógaí agus é ag gníomhú mar ionad fáilte don Aer Lingus College Football Classic, cluiche a bhí ar siúl idir Georgia Tech agus Boston College le linn an deiridh seachtaine, rinneadh croílár gníomhartha beagnach do-aitheanta den champas. Bhí sé lán go doras le níos mó daoine agus torainne ná atá ann i gcoitinne – agus é sin de bharr grúpaí ag seinm go beo agus taispeántas rince Gaelaí, agus rudai nach bhfeictear in ollscoileanna na hÉireann, gárthóirí molta agus bannaí práis ina measc.

Dá smaoineofaí go soiniciúil orthu, d’fhéadfaí a rá go bhfuil an Coláiste ag díoladh é féin chun aird Meiriceánach atá á mealladh aige a dhíriú air féin. I ndeireadh na dála, ní tharlaítear eachtracha den mhéid sin sa Choláiste, ach amháin Bál na Tríonóide, agus tharlaíonn an eachtra seo ar feadh tamaill ina bhfuil an chuid is mó de mhic léinn gan an deis taitneamh a bhaint as an atmaisféar beomhar bríomhar sa Chearnóg Thosaigh agus is ábhar seachráin é seo do mhic léinn atá ag déanamh scrúduithe bhreise.

Nochtann anailís níos cruinne, áfach go léiríonn an eachtra go domhain staid Choláiste na Tríonóide mar ollscoil. Agus í ag labhairt leis na sluaite in aice leis na bainisteoirí dena sé fhoireann atá ann, d’úsáid Leas-Uachtarán um Caidrimh Domhanda den Choláiste, Juliette Husse, an deis chun léiriú nádur an Choláiste mar “ollscoil domhanda,” óráid a nocht i bhfad níos mó ná a bhfuil á tairiscint ag an gColáiste do mhic léinn ó thíortha iasachta, ag míniú chomh maith a mheán agus a fháthanna maidir leis sin.

ADVERTISEMENT

Is campas uathúil atá ag Coláiste na Tríonóide. In ainneoin a bhfadhbanna agus an droch-scéal maidir le ranguithe agus ollscoileanna na hÉireann, is ollscoil den scoth í Coláiste na Tríonóide atá sa chéad ollscoil is fearr sa tír, atá in ann sár-mhic léinn a mhealladh ó gach taobh den domhan. Is féidir labhairt go soiniciúil faoin bhfírinne go ndearnadh ionad súgraidh de Choláiste na Tríonóide – áit ina raibh Waterford Crystal agus Bord Fáilte Bhaile Átha Cliath chun margaíocht fúthusa féin a dhéanamh ach léiríonn sé sin freisin a chumhacht meallta.

Cé go gcaithfidh Coláiste na Tríonóide mic léinn ó thíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach a mhealladh de bharr na géarchéime maoinithe, is tábhachtach do gach ollscoil nascanna domhanda a chruthú – cibé acu saibhreas nó bochtanas atá i gceist – agus is éasca é sin do Choláiste na Tríonóide de bharr a staide.