Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 23, 2016

Agus Margadh Poist Fíor-Iomaíoch Rompu, Tá Coláiste na Tríonóide faoi Bhrú Céimithe Ildánacha a Chruthú

Agus cláir céimithe ag críochnú sna seachtainí atá amach romhainn, tá an réimse scileanna a éilíonn fostóirí ag leathnu gach bliain. Tá Coláiste na Tríonóide ag obair go dian faoi seo ach tá an rialtas chun deiridh, a scríobhann an Bord Eagarthóireachta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus próiseas iarratas do phoist céimithe chun críochnú sna seachtainí atá amach romhainn, tosaíonn an brostú chun post a fháil tar éis ré na hollscoile. Sa bhliain 2014/15, bhí 95,000 mac léinn lánaimseartha sa chóras ardoideachais, le breis agus 15,655 ag staidéar go páirtaimseartha. Cé go bhfuil an réamhaisnéis fostaíochta in Éirinn ag dul i bhfeabhas go tapaidh, ta i bhfad níos mó céimithe ag iomaíocht i dtreo uimhreach níos ísel post, go háirithe in earnálacha ina bhfuil desieanna ag dul in éag cheana féin, foilsiúchán agus monaraíocht ina measc.

Cé go bhfuil fostóirí ag tabhairt post do níos mó daoine faoi láthair, is le critheagla a thugann siad iad do chéimithe agus tá an-iomaíocht ann dá bharr sin. Tá clú agus cáil ar an “Big Four” sa chuntasaíocht, na príomh-ghnólachtaí dlí agus na cuideachtaí cógaisíochta de bharr a dtnúthán arda, agus is beag an soláthar post taighde atá ann i gcónaí. Áfach, maíonn tuairisc a rinne an chuideacht teicneolaíochta oideachais Fullbridge go bhfuil fostóirí ag éileamh níos mó ó mhic léinn, ag iarraidh taithí oibre, ceannaireacht taobh amuigh den churaclam agus teangacha uathu. Táthar ag tuar go mbeidh réimse leathan ról á chomhlíonahd ag céimithe a bhíodh déanta ag grúpa oibrithe roimhe sin.

Tá Coláiste na Tríonóide faoi bhrú chun cinntiú gur iomaíoch iad a gcéimithe sa mhargadh casta athraitheach sin,. Tá an Tionscadal Oideachais Choláiste na Tríonóide (TEP) mar ghealladh aige tréithe a fhorbairt – feabhas acadúil agus foghlaim ar feadh an tsaoil – a treiseofar i múinteoireacht sa todhchaí leabófar i gcláir struchtúrtha. Tá an Clár Comhairleoireacht GradLink ag iarraidh comhairle a thabhairt do mhic léinn atá ag iontráil sa lucht oibre, ag tabhairt rólchuspa díreach dóibh a bheidh in ann comhairle áirithe a thabhairt dóibh faoina slí gairmiúil.

ADVERTISEMENT

Is inmholta iad na hiarrachtaí sin. Léiríonn sé infheistíocht iomlán sna mic léinn sin thar an gceithre nó cúig bhliain a chaitheann siad san ollscoil agus iad ag staidéar. Áfach roimhe sin, ní raibh tuiscint dá laghad ag an rialtas maidir le riachtanas na hinfheistíochta seo. Chúisíodh an clár conspóideach Job Bridge a chuireadh ar ceal i gcéimithe na hÉireann agus a scileanna a mheas faoi bhun luacha, cé go bhfuil cláir traenála cearta agus struchtúir pá dlisteanacha tuillte acu. Cuirfear i bhfeidhm scéim nua an bhliain seo chugainn. I margadh iomaíoch domhanda, ní mór don scéim nua sin dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh chéimithe.