Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 9, 2016

Bua ag Fossil Free TCD, in Ainneoin an Fhorthoraidh Samhna

Cé go bhfuil a chuma ar an scéal go bhfogróidh an Coláiste go ndídhílseoidh sé i mí na Samhna, tá bua le haimsiú go fiú i gcur chuige an ghrúpa féin.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Do Fossil Free TCD, an grúpa atá ag eagrú an fheachtais a iarann ar Cholaiste na Tríonóide a dhídhílsiú an €6.1 milliún atá infheistithe aige i mbreosla iontaise, tá fothoradh soiléir buach ann: dídhílsiú. De réir cosúlachta, tá an grúpa misniúil go mbeidh an fothoradh sin sa tuairisc ó Choiste Airgeadias an Choláiste i mí na Samhna. Leoga, dúirt duine de baill bunaithe an fheachtais le The University Times an tseachtain seo caite: “Táimid ag súil le dídhílsiú iomlán, ach táimid ag ullmhú don chás má deireann siad ‘b’fhéidir’ nó má dhéanann siad iarracht é a mhoilliú.”

Go fiú má deireann an Coláiste “b’fhéidir,” nó moileann sé, nó diúltaíonn sé dídhílsiú, beidh bua de shaghas éigin ag an ngrúpa de bharr a chur chuige. Cé nár féidir comparáid a dheánamh idir bua siombalach agus an ceann inbhraite a athródh polasaí an Choláiste agus fasach tábhachtach a chruthú d’inbhuanaíocht imshaoil in Éirinn, tá a chur chuige inmholta de bharr an mhéid atá déanta aige agus de bharr an fhéidearthacht atá cruthaithe aige don todhchaí.

Tháinig grúpa óglach díograiseach le chéile i mbealach a spreag rannpháirtíocht na cosmhuintire, ag cur ar siúl idir ócáidí a raibh inghlactha do bhainistíocht an Choláiste agus cúpla cinn níos radacaí. Trí chomhghuailliú leis an aontas chun tacaíocht agus ionadaíocht oifigiúil a fháil, ach tríd iad féin a choinneáil taobh amuigh den aontas chun a ócáidí féin a eagrú agus cáineadh nemahspleách a dhéanamh ar an gColáiste, tá cuma ar Fossil Free TCD atá idir oifigiúil agus radacach – mar ghrúpa gníomhaithe ag déanamh dul chun cinn suntasach trí bhrústocaireacht. Trí fheachtas a chruthú a mheall go leanúnach níos mó ball, tá níos mó airde agus tacaíochta faighte ag an ngrúpa óna bhunú.

ADVERTISEMENT

Bhain an cur chuige sin an rogha ón gColáiste trí aidhmeanna an fheachtais a chur in iúl mar choiscéim réasúnta agus réasúnach aidhmeanna an Choláiste féin. Labhraíonn an coláiste, agus an Propast go fiú, mianaidhmeanna timpeallachtacha Choláiste na Tríonóide. Mura ndídhílseoidh an Colaiste anois, beidh cuma thar a bheith fimíneach air i súile daoine taobh amuigh den fheachtas seo.

I mí na Nollag 2015, d’eagraigh an feachtas didhílsithe in Olsscoil na Banríona, Béal Feirste, suí istigh i roinn airgeadais na hollscoile. Trí obair leis an gColáiste go comhoibríoch, feictear an feachtas i gColaiste na Tríonóide réasúnta, ach tá na beartais níos radacaí fós i lámh acu, más gá.