News
Oct 28, 2016

Curriarracht Domhanda Déanta ag Comhghuaillíocht Gaeilgeoirí don Chomhrá Gaelach is Faide

Tar éis 170 uair an chloig ag labhairt, bhí rath ag an slua 1,050 daoine an churiarracht a bhriseadh.

Aishling RuigrokScríbhneoir Cúnta
blank
Sam McAllister for The University Times

Briseadh an curiarracht domhanda as an gcomhrá Gaeilge is faide an tseachtain seo caite. Is ar chomhghuaillíocht eagraíochtaí teanga a bhí an bua sin, tar éis 170 uair an chloig caite acu ag labhairt Gaeilge.

Cuireadh tús leis an iarracht le díograis ag meánlae, dé Mháirt 11 Deireadh Fómhair, agus críochnaíodh é an Máirt dár gcionn.

Ba mhór an rannpháirtíocht a bhí i gceist le 80 grúpa éagsúla ag caint is ag cómhrá ar líne ar chúig mhór roinn na cruinne. San Áise is Meiriceá, chomh maith le hEoraip agus an Ástráil bhí daoine ag déanamh a seacht ndícheall chun an teanga a chur chun cinn ar son an fheachtais #Comhra16 agus chun an churiarracht domhanda a bhriseadh.

ADVERTISEMENT

Leag Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus é ag labhairt trí phreas-ráiteas, béim ar an díograis agus comhoibriú a chuir leis an toradh sin. Dúirt sé “Bhí idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn Ghaelacha tríú leibhéal, scoileanna, chlubanna CLG, chiorcail chomhrá Is Leor Beirt, stáisiúin raidió, institiúidí oideachais, craobhacha Chonradh na Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag déanamh a gcuid cainte ar son na curiarrachta seo”.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, i bpreas-ráiteas, “Tá moladh mór ag dul do gach aon duine a ghlac páirt sa chomhrá agus a chabhraigh leis an gcuriarracht domhanda #Comhrá16 a bhaint amach”. Lean sé ar aghaidh chun béim a chur ar an gcomhoibriú a dhearnadh fírinne den tabhairt faoi churiarracht: “Nascann teanga daoine le chéile agus le #Comhrá16, nascadh grúpaí ó na ceithre hairde in Éirinn agus thar sáile le chéile chun tabhairt faoin dúshlán seo. Ní neart go cur le chéile.”

Ní gluaiseacht nua atá ann agus is léir go bhfuil an feachtas ag dul ó neart go neart. Leoga, is é sin an tríú uair a bhriseadh an churiarracht domhanda sin. Baineadh 168 uair an chloig amach ag caint as Gaeilge gan stad i 2013, is 169 uair an chloig in 2014.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.