Comment & Analysis
Oct 26, 2016

Eagraíochtaí Neamhrialtasacha mar Cheannairí ar Thodhchaí na Gaeilge Níos Mó Ná Riamh

Agus é ag scrúdú bunaithe eagraíochta teanga nua le déanaí ar choincheap féinchumhachtaithe, áitíonn Seán Ó Deoráin nach amháin ar an rialtas a bhraitheann pobal na nGael.

Seán Ó DeoráinScríbhneoir Cúnta
blank
Misneach

Am dóchasach é i gcomhair na nGael i láthair na huaire. Ag deireadh mí Mheán Fómhair, i Ráth Chairn, Gaeltacht Chontae na Mí, chruinnigh beagnach caoga gníomhaire le chéile chun plé a dhéanamh ar thodhchaí na teanga agus na heagraíochta a chuir an ócáid i dtoil a chéile: Misneach.

Tháinig na rannpháirtithe, idir óg agus aosta, as chuile chearn den tír, Conamara, Gaeltacht Thír Chonaill, Béal Feirste, Gaillimh, Corca Dhuibhne, Corcaigh agus Baile Átha Cliath, ina measc i gcomhair “Meitheal Misneach”, mar a tugadh air. Plé oscailte a bhí ann a thug deis do chách a ladar a chur isteach sa scéal. Bhí cainteanna poiblí ó leithidí Aindrias Ó Cathasaigh, údar clúiteach ar stair tréimhse Athbheochán na Gaeilge agus Réabhlóid na Cásca, agus Brian Ó Curnáin, acadóir sa Stair Cheilteach in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, a mheall go leor daoine freisin. Bhí tábhacht ar leith ag baint le hóráid Uí Churnáin, toisc go bhfuil Misneach tar éis glacadh le moltaí foilseacháin a chur sé féin in eagar in éineacht le Conchúr Ó Giollagáin, acadóir bunaithe san Albain: Beartas Úr na nGael.

‘Séard a bhfuil i gceist leis an liosta moltaí sa leabhar beag seo ná plean gnímh dóibh siúd ar fad ar mhaith leo beocht na teanga a chaomhnú agus a mhéadú don ghlúin atá le teacht. Moltar “Dáil na nGael”, cur i gcás, chun údáras polaitiúil a thabhairt do ghnáthmhuintir na gceantar Gaeltachta. Is ionann fealsúnacht an leabhair seo agus cur chuige Mhisneach: ní féidir brath ar Stát na Sé Chontae is Fiche a thiulleadh chun an teanga a chur chun cinn. Tá lucht labhartha na Gaeilge bréan de gheallúintí rialtais i ndiaidh rialtais, agus is léir nach bhfuil an diongmháilteacht ann in aon pháirtí i dTeach Laighean ceist na teanga a chur chun cinn, mar gheall nach bhfuil a dhóthain vótaí ag gabháil leis. Tá fadhbanna ar leith ann sna Sé Chontae mar gheall nach bhfuil cearta teanga mionlaigh fiú ann sa reachtaíocht ar thaobh eile na Teorainne.

ADVERTISEMENT

Chun straitéis níos aontaithe a chur i gcrích ar fud na tíre, d’aontaigh na rannpháirtithe ar seacht mbunphrionsabal a mbeidh mar spreagadh do ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí feasta:

1. Lánfhostaíocht, a thugann aitheantas do chearta teanga sa Ghaeltacht agus sa tír i gcoitinne.

2. Oideachas d’ardchaighdeán trí Ghaeilge ar fáil ag gach leibhéal dóibh siúd atá á iarraidh.

3. Cearta iomlána teanga ar fáil do na Gaeil in Éirinn.

4. Gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

5. Féinchumhachtú na nGael.

6. Saol sóisialta bríomhar ar fáil trí Ghaeilge.

7. Díchoilíniú iomlán.

Bunaítear na cuspóirí seo ar anailís Uí Ghiollagáin agus Uí Churnáin. Tá siad uilig tiomsaithe i dtreo caomhnaithe na gceantar Gaeltachta, ach tuigtear freisin nach bhfuil Misneach ag cur srianta ar an eagraíocht ach oiread, agus go bhfuil fonn ar na baill go mbeidh an eagraíocht sa tsreachailt i gcoinne déine ar bhonn níos leithne, cur i gcás an chéad phointe, a bhfuil an lánfhostaíocht mar aidhm aige.

Is léir ó dhíograis na mball go bhfásfaidh Misneach mar fhórsa polaitiúil amach anseo. Bunaíodh craobh nua i Ráth Chairn féin ag deireadh na Meithle, a bhfuil tábhachtach, ní hamháin don Ghaeltacht sin, ach do ghníomhairí Mhisneach i mBaile Átha Cliath, ionas go mbeidís in ann nascanna a fhorbairt leis an nGaeltacht is congaraí dóibh.

Tá an cuma ar an scéal go bhfuil todhchaí na teanga ag brath níos lú ar imeachtaí i dTeach Laighean, agus i bhfad níos mó ar ghnáthdhaoine a bhfuil buairt orthu faoin teanga ina saol laethúil, cibé cearn den tír as a dtagann siad. Is é Misneach teacht le chéile polaitiúil a thugann ionadaíocht den tuairim seo. Tá ceannasaíocht Mhisneach ag lorg cruinnithe náisiúnta le heagraíochtaí neamh-rialtasacha i saol na Gaeilge, ar nós Conradh na Gaeilge agus Gaeltaca, mar shampla, chun plé a dhéanamh ar an gcaoi is fearr gur féidir leis na Gaeil straitéis fhadtéarmach a chruthú, a mbeidh Beartas Úr na nGael mar ábhar na díospóireachta.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.