Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 2, 2016

In Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, Is Gá bheith Cúramach i dtreo Leasuithe Ardoideachais

Níl sé cinnte go bhfuil reachtaíocht d’ardoideachas millteach, ach is gá nasc ar bith idir maoiniú agus spriocanna a dhiúltú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

In ainneoin na hiomaíochta bliantúla a bhaineann leis na ranguithe ollscoile, ní comórtas ata san ardoideachas. Is dócha go gcuirfí mearbhall ar dhuine de bharr na nuachta go mbeidh an múinteoireacht ag ollscoileanna Sasanacha rangaithe mar “ór,” “airgead,” agus “cré-umhaí,” de réir creata sarmhaithis múinteoireachta a bheidh curtha i bhfeidhm ag rialtas na Ríochta Aontaithe an bhliaian seo chugainn.

Ní ionann sin is a rá nár maith an rud é an córas rangaithe sin. B’fhéidir go soláthróidh an creat múinteoireachta nua eolas níos fearr do mhic léinn faoin eispéireas a gheobhaidh siad óna gcéimeanna. In Éirinn, b’fhéidir go ndéarfá an rud céanna faoina leasuithe a thairgeadh don earnáil. Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, a spriocanna féin d’institiúidí ardoideachais na hÉireann, a bheadh mar rath suntasach don rialtas dá sroichfí iad. Ní feidir bheith in easaontas, mar shampla, le haidhm an chuid mac léinn ó chúlraí faoi míbhuntáiste a ardú.

Is fiú féachaint freisin ar bhille um leasu ardoideachais a d’fhoilsigh an rialtas, a dhéanfaidh iarracht struchtúir riaracháin ollscoileanna na hÉireann a “nua-aoisiú.” Ba cheart go mbeadh saghas maoirseachta ag ollscoileanna, mar atá ag gach cuideacht a fhaigheann maoiniú stáit. Áfach, tá mian an rialtais smachtaithe a mhéadú níos domhínithe ná riamh, mar a laghdaíonn an maoiniú a thugann se don earnáil. Is dócha go mbeidh féinriail, a bhfuil luach mór curtha orthu ag ollscoileanna faoi bhagairt mura scrúdófar go géar na leasuithe seo. Cuireann Eoin O’Dell, ollamh cúnta i Scoil an Dlí Choláiste na Tríonóide, agus é ag scríobh in The University Times an imní sin in iúl go maith. Áitíonn sé nár cheart don rialtas “smacht a éileamh thar airgead a thagann ó fhoinsí eile.”

ADVERTISEMENT

Áfach, intuigthe sa chreat sármhaithis múinteoireachta Sasanach a ligeann d’ollscoileanna “óra” a dtáillí a ardú de réir an ráta boilscithe, tá an tuairim gur cheart go mbeadh ollscoileanna freagrach do pholateoirí maidir lena maoiniú agus leis an mbealach ina múineann siad. Tá an smaoineamh sin mar chúis le cuid dena spriocanna agus leasuithe a thairg rialtas na hÉireann don earnáil. In agallamh le The University Times i Meán Fómhair, mhaígh Bruton gurbh fhéidir go mbeadh ar ollscoileanna a luach a léiriú roimh mhaoiniú stáit a fháil. Leoga, de réir dealramh, mhaígh sé go raibh “ardfheidhmíocht” mar bhunchuspóir féinrialach ar bith in ollscoileanna.

Cé chomh fada, a cheisteofá, a churifidh an fheidhmíocht sin i gcomhcoibhneas le spriocanna a chruthóidh an rialtas? Le deich mbliain anuas, d’fhoghlaim ollscoileanna nach bhfuil sé ag teastail ó pholaiteoirí airgead a infheistiú in earnáil ina bhfuil a smachtú teoranta. Agus Bruton ag cur i bhfeidhm spriocanna agus creataí san earnáil, tá sé mealltach é seo a chur i gcomparáid le leasú an chreata sármhaithis múinteoireachta, agus ceistiú faoin méid airde atá sé ag tabhairt do fhorbairtí ar an taobh eile de mhuir na hÉireann.