Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 23, 2016

Sampla Inbhraite go bhfuil Lá na Cinniúna Tagtha do Mhaoiniú Ardoideachais

Léirigh an agóid tiomantas troid ar son an oideachais ó mhic léinn agus baill foirne nach bhfachtas le blianta anuas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cad iad na fadhbanna is do dhaoine atá ag troid ar son córais oideachais a mhaoinítear go poiblí? Is cuma faoin bpobal, agus níl mic léinn féin gníomhach go polaitiúil go leor ach an oiread, nó, nach bhfeictear go bhfuil, chun beartas uile-athraitheach a chur i bhfeidhm.

Rinne an agóid a d’eagraigh Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) an tseachtain seo iarracht dul i ngleic leis na fadhbanna sin, ag gealladh roimh an ócáid go bhfreastalódh méid níos mó mac léinn ná a d’fhreastal le blianta anuas, agus, ina theannta sin, go mbeadh trasghearradh sochaí na hÉireann ag máirseáil ar sráideanna Bhaile Átha Cliath. Agus AMLÉ mar bhall den Chomhghuaillíocht um Oideachas a Mhaoinítear go Poiblí, bhí a fhios acu go mbeadh roinnt ball eile, mar IFUT agus SIPTU ag freastal freisin. Áfach, le grúpaí óige cosúil le Comhairle na nÓg, grúpaí abhcóideachta mar an Gréasán ChomionannaIs Trasinscne agus ReachOut, comh maith le grúpaí gan choinne mar Chumann na nImreoirí Rugbaí, léirigh AMLÉ goi bhfuil níos mó san oideachas a mhaoinítear go poiblí ná rud a bhfuil éilithe ag na cúig eagraíochtaí céanna.

Níos suntasaí fós, áfach, a bhí tacaíocht ó mhic léinn agus ollscoileanna féin. Cé go ndearna aontais iarrachtaí bhreise chun rannpháirtíocht a spreagadh, is suntasach an comhdhearcadh a bhí eatarthu go raibh go leor inspreagtha acu chun páirt a ghlacadh. “Chomh luath is a mhíníomar na cúiseanna leis, labhair sé dó féin,” a dúirt Amy Kelly, Uachtarán Aontais na Mac Léinn Institiúid Teicneolaíochta Gaillimhe agus Má Eo le The University Times. Agus meastacháin méid lucht na hagóide dubáilte, bhí mórán daoine ann ó cholaistí níos lú. Bhí 48 mac léinn ó Choláiste Naomh Pádraig, mar shampla, timpeall 11 faoin gcéad den mhéid mac léinn atá san institiúid seo. Bhí lucht na hagóide is mó ina stair ag an Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, a bhfuil an chuid níos mó mac léinn lánfhásta acu agus an chuid is mó mac léinn a bhfuil deontas acu.

ADVERTISEMENT

Agus tacaíocht gan fasach ag teacht óna hollscoileanna féin, Coláiste na Tríonóide ina measc, bhí mic léinn ann ó Thuaisceart Éireann a léirigh a ndlúthpháirtíocht agus iad féin ag fualingt fadhbanna maoinithe difriúla, ach atá den saghas céanna is atá againne in Éirinn. Bhí daoine ann ón Albain freisin. Ní cinnte, áfach, go mbeidh sé sin go leor chun an railtas a áiteamh. Tá rud amháin soiléir ar aon nós, b’fheachtas thar a bheith difriúil san agóid sin ná chonacthas roimhe sin.