Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 16, 2016

Tá Méadú de réir 150 faoin gcéad i gCoinní Práinne Comhairleoireachta as Comhréir le Ciorruithe do Sheirbhísí

Ba cheart go gtabharfadh an Coláiste níos mó maoinithe agus tacaíochta do mhic léinn de bharr an mhéadaithe éilimh do choinní práinne.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus an nuacht scéimlitheach go bhfuil an méid coinní práinne leis an Seirbhís Comhairleoireachta Mac Léinn tar éis méadú de réir 150 faoin gcéad á chloisteáil acu, beidh na páirtithe leasmhaire i gcur ar fáil cúraim sláinte do mhic léinn ag cur is ag cúiteamh cad is féidir a dhéanamh. Bhí méadú leanúnach bliaintúil le feiceáil i méid gnáthchoinní ó 2010, le laghdú ó 1,899 go 1,879 idir 2014 agus 2015. Áfach, nochtann an spíce éilimh comhairleoireachta práinne riachtanas míshásta i ndaonra na mac léinn.

Is ceist chasta a chuireann an méadú éilimh sin agus is freagra ilghnéitheach atá uirthi. Ach, trí shúile na hollscoile, is foinse mhór buartha ata ann. Deirtear i dtuairisc bliantúil 2013 na Seirbhíse Comhairleoireachta Mac Léinn go “sáraíonn riachtanais reatha na mac léinn na hachmhainní atá ann faoi láthair,” dúshlán nach chuathas i ngleic leis go fóill. Agus éileamh ag ardú níos mó, rachaidh na fadhbanna atá ann faoi láthair níos measa fós.

Aithníonn an tSeirbhís Comhairleoireachta mian an Choláiste rochtain agus domhandú a chur i bhfeabhas, ach tugann sí rabhadh go mbacfaidh faillí i dtreo bunfhadhbanna forbartha – mar ghanntanas foirne lánaimseartha do thionscadail tábhachtacha, atreoruithe níos mó, agus íslú leibhéil foirne – na haidhmeanna sin. Áitíonn daoine áirithe nár freagracht na hollscoile ualach cúraim sláinte intinne – agus cúram sláinte fisiciúil ach an oiread. Áfach, nuair atá cuid mhór de dhaonra na hollscoile – go háirithe mic léinn ó thíortha iasachta – ag fulaingt de bharr fadhbanna sláinte intinne is gá don fhoireann tacaíochta cinntiú go bhfuil mac léinn in ann cabhrú leanúnach, inrochtana taobh amuigh den ollscoil, nó é seo a chur ar fáil iad féin.

ADVERTISEMENT

Bhí an agóid i gcoinne na gciorruithe €12 milliún do sheirbhísí sláinte intinne in Éirinn thar a bheith éifeachtach: d’aisghairm an rialtas na ciorruithe agus chinntigh siad go mbeidh €35 milliún curtha ar thaobh amháin do sheirbhísí sláinte intinne agus a bhforbairt amháin. Bhain Helen McEntee, an tAire Sláinte intinne agus Seandaoine de thátal as sin “go bhfuil níos mó le déanamh i gcónaí maidir leis na bunfhadbanna sin, ach is coiscéim tábhachtach sa treo ceart a tharla inniu.” Do sheirbhís comhairleoireachta Choláiste na Tríonóide atá faoi bhrú i láthair na huaire, is dócha go mbeidh tionchar uile-athraitheach ag idirghabháil airgeadais den saghas sin.