Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 2, 2016

Tógann Cur Chun Cinn Forbairtí Eolaíocha go hInrochtana Coláiste na Tríonóide as an Saol Acadúil go Saolta na nDaoine

Chun ollscoileanna a chomhcheangal i saol an phobail, tá sé riachtanach dul i dteagmháil le muintir na tíre agus iarrachtaí taighdeoirí a aithint.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

D’ollscoil atá de dhualgas uirthi mórán gníomhaíochtaí a chomhordú, is feidir nach bhfuil cur chun cinn a taighde féin sa réimse poiblí mar mhór-thosaíocht aici. Cé go scaifear torthaí tábhachtacha agus dianiarrachtaí suimiúla in irisleabhair acadúla, ní élaóidh an chuid is mó díobh sin as clubanna eisiacha an domhain acadúla.

B’é PROBE, a bhí ar siúl oíche Aoine, ócáid saor in aisce chun Oíche na dTaighdeoirí san Aontas Eorpach a cheiliúradh, a bhí lán le turgnaimh, cainteanna agus ceol. Tríd é féin a oscailt don phobal, rinne PROBE iarracht dul i ngleic leis an dícheangal ata ann go minic idir a bhfuil tionchar taighde orthu agus na daoine a dhéanann an taighde sin. Sa bhealach chéanna is a labhair Inside Trinity faoi na steiréitíopaí maidir leis an ollscoil sin agus a rinne sé iarracht iad sin a scriosadh trí chomhphobal éagsúil na hollscoile a léiriú, cuireann PROBE solas ar ábharthacht phearsanta agus phoiblí taighde Cholaiste na Tríonóide.

Is gá d’ollscoil ar bith aghaidh phoiblí a léiriú chomh maith leis an gceann acadúil atá aici. Tá cur chun cinn gníomhach riachtanach chun dul i dteagmháil le daoine nach bhfuil cúlra acadúil acu faoi dul chun cinn agus saol Choláiste na Tríonóide. Déantar forbairtí ríthábhachtacha sa teicneolaíocht agus sa leigheas de thorthaí taighde na hollscoile, cúpla blianta níos déanaí, agus tógann cur chun cinn na dtionscadal sin do shluaite níos mó Coláiste na Tríonóide as réimsí atá go hiomlán acadúil chuig aitheantas an phobail.

ADVERTISEMENT

I mbliana, aithníodh mórán taighdeoirí Cholaiste na Tríonóide de bharr a gcuid oibre, cosúil le William Campbell, a rinne staidéar ar zó-eolaíocht mar fhochéimí i gColáiste na Tríonóide agus ar a bhronnadh Duais Nobel an Leighis, chomh maith le duine eile, anuraidh. Ag ócáid a eagraíodh ina onóir an tseachtain seo caite, dúirt Campbell nach raibh an t-ábhar is inrochtana don phobal i staidéar péiste, cé go measann sé go bhfuil sé “go hiontach.”

Do dhuine ar bith eile, is dócha nach bhfacthas ar an ábhar is suimiúla staidéar péiste. Ach, nochtann ócáidí ar nós PROBE ábharthacht phearsanta agus dhíreach de chuid mhór taighde an Cholaiste, cibé acu staidéar Campbell ar ghalair seadánach nó úsáid bithaiseolas chun do leibéil strus a bhainistiú atá i gceist, ag aithint oibre taighdeoirí i réimse eile agus ag cur é i gcroílár saoil na nÉireannach.