Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 20, 2016

Agus é ag Dídhílsiú ó Bhreosla Iontaise, Bhí Coláiste na Tríonóide an-Ghabhálach maidir le Brú

Chuir ollscoileanna eile constaicí dosháraithe roimh mhic léinn a bhí ag lorg dídhílsithe, ach ghlac Colaiste na Tríonóide le héilimh Fossil Free TCD gan rírá.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus críoch curtha leis an tSeachtain Ghlas, is iontach an deireadh atá sa nuacht go bhfuil Coláiste na Tríonóide chun an €6.1 milliún atá infheistithe aige go hindíreach i mbreosla iontaise a dídhílsiú. Tar éis míonna feachtasaíochta inbhuanaithe ó Fossil Free TCD, tá an ollscoil chun fógairt go hoifigiúil go ndídhílseoidh sé, ag moladh brústocaireachta gníomhaithe mac léinn agus iad ag déanamh é sin.

Is inmholta rath Fossil Free TCD. Chinntigh a bhrú buanaithe ar an gColáiste ar feadh na bliana, chomh maith le réimse leathan ócáidí i bhfabhar dídhílsithe nach raibh an dara rogha ag Coláiste na Tríonóide ach glacadh lena éilimh. Bunaíodh a bhua ar straitéis uathúil ar a dhéanfaidh a lán eagraíochtaí gníomhaithe aithris. Chruthaigh comhghealladh, rannpháirtíocht cosmhuintire, loighic, agus comhoibriú le hAontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide agus le hAontas na nIarchéimithe dearcadh uathúil i measc na mac léinn agus údarás an Choláiste i dtreo Fossil Free TCD.

Leoga, dúirt Áine O’Gorman, duine dena baill bunaithe Fossil Free TCD le The University Times go ndéanann an cinneadh chun dídhílsiú “ceann dena feachtais dídhílsithe is tapúla ar domhan.” Tá cuid mhór de sin de bharr gníomhaíochta an ghrúpa sin. Áfach, bhí an Coláiste féin thar a bheith eagraithe, go háirithe nuair a smaoinítear ar a mhaorlathas agus a chinnteoireacht mhall a cháintear go minic. Chuir ollscoileanna eile constaicí dosháraithe roimh mhic léinn a bhí ag lorg dídhílsithe: ní riabh gníomhaithe in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in ann eolas a fháil ar infhesitíochtaí airgeadias a n-ollscoil, agus mhéadaigh Ollscoil Harvard a infheistíochtaí i mbreosla iontaise de réir 600 faoin gcéad ó bhunú Divest Harvard. Thosaigh an grúpa Oxford University Fossil Free a fheachtas trí bhliain ó shin , ag cur brú ar an ollscoil infhesitíochtaí i mbreosla iontiase a bhaint óna dionlaic £3.3 billiún, ach tá a infhesitíochtaí indíreacha á choiméad fós ag Oxford in ainneoin an bhrú sin.

ADVERTISEMENT

Mar chodarsnacht mhór leis sin, bhí Coláiste na Tríonóide thar a bheith gabhálach maidir leis an mbrú chun dídhílsiú. Sa Ríocht Aontaithe, tháinig dídhílsiú £18 milliún Ollscoile Ghlaschú tar éis bliana feachtasaíochta inar ghlac 1,300 mac léinn páirt. Bhí an próiseas i gColáiste na Tríonóide níos tapúla, ghlac níos lú mac léinn páirt, agus bhí sé thar dhúshlán ar bith go raibh an Coláiste chun dídhílsiú. Cé go raibh gníomhaíochtaí Fossil Free TCD suntasach de bharr a gcomhghreamaithe, bhí freagra dearfach inmholta ag Coláiste na Tríonóide freisin.