Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 6, 2016

Déanfaidh an Coláiste Níos Mó ná an Íosmhéid chun Faillithe Chomhionannais Inscne a Réiteach

Agus éagothroime leanúnach i saol acadúil na hÉireann, tá sé ar intinn an Choláiste níos mó a dhéanamh ná neamhleorgachtaí reatha a shárú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is le fada atá éagothroime inscne ina fadhb i saol acadúil na hÉireann. Nocht tuairisc a rinne an t-Údarás um Ardoideachas go bhfuil éagothroimí forleithne i réim in ollscoileanna ar fud na tíre agus mná ag comhlíonadh 19 faoin gcéad de phoist acadúla ollamh, cé go bhfuil 52 faoin gcéad dena bhfuil i bpoist ag an leibhéal iontrála ina mná. Bunaíodh moltaí lárnacha na tuairisce ar mhaímh faoi ardú, coimheá inscne ag leibhéil sinsireacha bainistíochta, béim ar chultúr iomlán, deiseanna forbartha gairmiúla agus soláthair cúram leanaí agus meáin tacaithe eile.

Tá na fadhbanna seo i bhfeidhm ar fud na hÉireann, ní hamháin i gColáiste na Tríonóide. Áfach, nocht tuairisc faoi chás na mban sa Choláiste nach bhfuil ach 16 faoin gcéad de phoist ollamh, cé go bhfuil mná mar 44 faoin gcéad den fhoirne acadúil. Dá bharr sin, tá sé mar bhunchuspóir an Phlean Feidhmnithe Inscne, a chuirfear roimh Bhord an Choláiste roimh dheireadh na bliana, dul i ngleic leis na faillithe sin chomh maith le obair a dhéanamh i dtreo sármhaithis in aidhmeanna i comhionannas inscne.

I measc pleananna an Choláiste, níl iarrachtaí na fadhbanna tromchúiseacha sin a cheilt ach beartais sonraithe agus inbhuanaithe chun éagothroime chórasach a shárú. Cé go bhfuil Coláiste na Tríonóide thar an meán náisiúnta – agus mná ag comhlíonadh 48 faoin gcéád de phoist údaráis rialaithe an Choláiste i gcomparáid le 39 faoin gcéad ag an leibhéal náisiúnta – ní leor é sin. Mar a dúirt Stiúrthóir Ionaid an Choláiste um Mná i dTaighde Eolaíochta agus Innealtóireachta, an tOllamh Eileen Drew, i bpreas-ráiteas an tseachtain seo chaite: “Ní féidir smaoineamh gur leor é gnáth-mhéid mná 10 nó 20 faoin gcéad níos mó.”

ADVERTISEMENT

In Innéacs Comhionannais Inscne an Aontais Eorpaigh, tá Éire mar an t-ochtú tí san Eoraip. Cé nach léiríonn sé sin faillí phráinneach, tá níos mó le déanamh. Is gá meon Choláiste na Tríonóide i leith chomhionannais a mholadh – agus é tógtha ar mholtaí forleithne agus uaillmhianacha i Plean Feidhmithe fadtéarmach agus straitéiseach. Ní leor níos mó bheith “go maith” maidir le comhionannas inscne. Cé go bhfuil sé níois fearr ná an chuid is mó, aithníonn sé go bhfuil níos mó fós le feabhsú.