Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 4, 2016

Léiríonn Cásanna Ionsaithe Iomráiteacha Nósanna Imeachta Neamhleanúnacha i gColáistí agus Aontais

Cé gur annamh an rud é go dtarlaíonn ionsaí ar champas ollscoile, tá sé de dhualgas ar choláistí bheith a fhios agat conas is gá freagairt má tharlaíonn sé.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí dhá ionaithe iomráiteacha sa nuacht náisiúnta le déanaí, ceann amháin a bhí ina ionsaí gnéasach ar mhac léinn de chuid Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD) ar champas na hollscoile agus ceann eile a tharla do mhac léinn den chéad bhliain in Ollscoil Má Nuad. Cé go raibh siad difriúil lena chéile de réir mórán gnéithe, tá eagla curth acu ar mhic léinn sna hollscoileanna sin agus ar fud na tíre.

Chomh maith le comhbhá agus imní ginearalta, tá cáineadh amhain a chireadh chun cinn: tá Aontas na Mac Léinn UCD (UCDSU) agus UCD féin á cháineadh de bharr a iompair agus iad ag freagairt do éigniú líomhnaithe a tharla ar an gcampas ar an Aoine, 25ú Samhain. Cé gur tuariscíodh an t-ionsaí do UCDSU ar an Luain, ní chuireadh é in iúl dona mic léinn sula tuairscíodh sna meáin náisiúnta é. Cé gur mhínigh UCDSU gur dúirt na Gardai leis gan é a phoibliú go mór ionas nach gcuirfí an t-imscrúdú i gcontúirt, léirigh mic léinn a míshástacht agus a n-imní i dtreo na bealaí ina tuairiscíodh an t-ionsaí go dtí seo.

Tugann an bhealach mhearbhallach ina dheachaigh na hinstitiúidí sin i ngleic leis an ionsaí suaitheach agus imníoch le fios nach bhfuil polasaí comhleanúnach i bhfeidhm chun freagairt do eachtraí den saghas céanna. Cé gur annamh an rud é go dtarlaíonn ionsaí ar champas ollscoile, tá sé de dhualgas ar choláistí bheith a fhios agat conas is gá freagairt má tharlaíonn sé. Ba cheart go mbeadh mic léinn freisin eolach ar an mbealach ina fhreagróidh a gcoláiste agus a n-aontas do chás mar sin.

ADVERTISEMENT

Cé nár tharla ionsaí mar sin i gColáiste na Tríonóide le déanaí, is cosúil go mbeadh an saghas céanna éiginnteachta i gceist. Conas a fhreagródh TCDSU d’ionsaí cosúil leis seo? Tríd an eolas a fhoilsíonn siad ar an leathanach ar a shuíomh gréasáin a bhaineann le leas, molann TCDSU dul i dteagmháil leis na Gardaí agus leis an Déan Sóisearach. Ach níl an eolas sin curtha in iúl i gceart do na mic léinn féin. In ainneoin na rialacha fada a rialaíonn gach gné de shaol ar champas, ach ní bheimnítear an nós imeachta a bhaineann le hionsaí a tuairisciú. Is beag an méid mac léinn a bheidh in ann insint duit cad is feidir a dhéanamh nuair a tharlaíonn ionsaí gnéasach ar champas.

Is dócha go mbeadh polasaí comhleanúnach i bhfeidhm faoi fhreagra TCDSU d’ionsaí ar mhac léinn – ar champas nó taobh amuigh – ach ní cuirtear na nósanna imeachta sin in iúl do mhic léinn. In UCD, cruthaigh easpa chumarsáide fearg agus eagla fhorleatach a bhí dírithe i dtreo an aontais agus i dtreo na hollscoile. Is gá do Choláiste na Tríonóide, agus gach ollscoil sa tír ceachta a bhaint amach as na botúin seo.