News
Jan 16, 2017

Míshástacht Léirithe ag NUIGSU i dtreo Díothaithe Riachtanais na Gaeilge d’Uachtarán na hOllscoile

Dúirt an Comhaltas nach mbeidh sé ag tacú leis an gcinneadh na critéir earcaíochta a athrú.

Christopher McMahonEagarthóir na Gaeilge

D’fhógair Comhaltas na Mac Léinn ag Ollscoile na hÉireann Gaillimh (NUIGSU) inniu go bhfuil an eagraíocht “i gcoinne” an chinnte críoch a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhí i bhfeidhm d’uachtaráin na hollscoile.

I bpreas-ráiteas, dúirt Uachtarán an Chomaltais, Jimmy McGovern go “leanfaidh NUIGSU ar aghaidh ag cur na Gaeilge chun cinn ar an champas chomh maith le cearta Gaeilgeoirí na hOllscoile a chosaint,” agus go mbuanóidh obair an Comhaltas ar son stádais na Gaeilge “in ainneoin an chinnte a rinne Údarás na hOllscoile.”

Rinne McGovern tagairt do Bhunreacht an Chomhaltais, a dhearbhaíonn go bhfuil ““dhá theangacha oifigúil comhionanna ag an gComhaltas: Gaeilge agus Béarla” agus chuireann de dhualgas ar an eagraíocht cinntiú go mbeidh ““gach ábhar oifigiúil an Chomhaltais i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.”

ADVERTISEMENT

Threisigh Oifigeach na Gaeilge NUIGSU, Clíodhna Nic Giolla Comhaill “mar Chomhaltas, déanann muid ionadaíocht dár mbaill ar fad, Gaeilgeoirí ina measc, nach bhfuil sásta leis an chinneadh seo,” ag déanamh cur síos freisin ar thábhacht na hionadaíochta don Chomhaltas. “De réir Bhunreacht an Chomhaltais, ní mór do Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal na sochaí.”

Dé Céadaoin 10ú Eanáir, d’fhreastail McGovern, Nic Giolla Comhaill agus baill eile Coiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais ar agóid i gcearnóg na hollscoile i nGaillimh a d’eagraigh Misneach na Gaillimhe, eagraíocht gníomhaíocht teanga, chun a cur i gcoinne a léiriú i dtreo an chinnidh.

I mí Nollag, chinn Údarás na hOllscoile na critéir earcaíochta d’Uachtarán na hOllscoile a athrú agus nach mbeidh cumas Gaeilge riachtanach don chéad Uachtarán eile. Tháinig an nuacht sin chun solas agus an ollscoil ag tosnú an próiseas earcaíochta don Uachtarán nua toisc go bhfuil an tUachtarán reatha, an Dochtúir Jim Browne ar tí éirí as obair. Roimhe sin, bhí ar iarrthóirí ar an bpost éirí leo i scrúdú teanga a scríobh An Bord Gaeilge roimh agallamh a dhéanamh.

Tar éis an chinnidh, d’aontaigh an Coiste an Oireachtais don Ghaeilge scríobh chuig Údarás na hOllscoile, ag iarraidh go smaoineoidh sé ar ais ar a chinneadh. Dúirt Catherine Connolly TD i brpeas-ráiteaas i mí na Nollag go “n-aontaíonn an Choiste go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh líofacht sa Ghaeilge ag gach Uachtarán na hOllscoile, go háirithe toisc go bhfuil an Ollscoil suite i nGaillimh, an chathair amháin in Éirinn a bhfuil stádas dátheangach acu.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.