Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 15, 2017

Ní Athróidh Córas Grádaithe Nua an tSean-Ardteistiméireacht

Cé go mbeidh an friotal so-aitheanta A1, A2, B1 agus B2 chun imeacht agus cuma an athraithe ar thorthaí, is í an chruálacht chéanna atá i ndúshlán na hArdteistiméireachta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus an téarma nua ag tosnú, agus cogair faoi réamhscrúduithe agus spriocdhátai CAO ag teacht go bagrach, tá teacht na hArdteistiméireachta le feiceáil go soiléir, agus tá an chuid is mó de mhic léinn Choláiste na Tríonóide ag fós le cuimhne mhór phianmhar den dúshlán ata intuigthe leí.

Beidh athrú á chur i bhfeidhm i mbliana, áfach, agus an CAO chun córas nua bandaí grádaithe a úsáid. Is dócha nach mbeidh i bhfriotal so-aitheanta A1, A2, B1 agus B2 a bhí mar ghné lárnach de thaithí mac léinn ollscoile an lae inniu ach gliogairnéis do dhaltaí meánscoile tar éis cúpla bliain. Anois, úsáidfidh mic leinn méid níos lú bandaí grádaithe, ó H1 go H8 don ardleibhéal agus ó O1 go O8 do ghnáthleibhéal, chun pointí, airgeadra na hArdteistiméireachta, a thuilleadh. Chomh maith leis sin, bronnfar pointí don chéad uair ar dhaltaí a bhaineann amach torthaí níos lú ná 40 faoin gcéad do scrúduithe ardleibhéil.

San athrú seo chuig méid níos lú bandaí grádaithe, chomh maith leis na heatraimh míchothroma idir na pointí a bhaineann le gach banda, tá iarracht CAO dul i ngleic le dhá fhadhb. Cuirtear i bhfeidhm na bandaí grádaithe seo chun an iomaíocht fhíochmhar sna scrúduithe a laghdú, iomaíocht a churthaíodh ag an bhfírinne faoi lathair nach bhfuil an chéad grád eile níos mó ná cúig faoin gcéad i bhfad ón iarrthóir. Tá na heatraimh míchothroma pointí dírithe ar ghníomhú in aghaidh an dochúlacht mhéadaithe go mbeidh níos mó daltaí ar chomhphointí, rud a dhéánann riachtanas de roghnú randamach agus an chruálacht trom aondeonach atá intuigthe leis.

ADVERTISEMENT

Áfach, tá cuma thar a bheith aeistéitiúil ar an athrú seo. Ní dócha go mbeidh an athrú i dtreo an sean-chóras bandaí níos leithne a bhí i bhfeidhm go dtí 1992 in ann cultúr díobhálach iomaíoch atá á chothú i measc daltaí na séú bliana an lae inniu a scriosadh. Agus méid iarrthóirí CAO chun a bhauiciphointe a shárú arís i mbliana agus lena dtodhchaí ag brath ar scrúdú amháin gan measúnú leanúnach suntasach de shaghas ar bith, ní níos dóichí go dtógfaidh siad go bog é i gcomparáid lena réamhtheachtaithe.

Má cheapann an CAO gur féidir críoch a chur le spleáchas an chórais oideachais ar mhúinteoireacht phríobháideach agus diancheachtanna trí fhoirm measúnaithe dara leibhéil in áit a ábharaíochta, níl amhras go mbeidh díomá an domhain air.