Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 22, 2017

Nochtann “Deachtráiteas” Nua an Gné is Dorcha de Thráchtálaíocht

Is minic nach nglactar le cur i gcoinne tráchtálaíocht as bheith idé-eolaioch. Ach nochtann conartha sealadacha d’fhoireann an Choláiste iarmhairtí diúltacha den treocht sin.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Don chéad uair le fada, is cosúil go bhfuil seans ann go mbeidh stailc taobh istigh de bhallaí Choláiste na Tríonóide. Tá “deachtráiteas” ón gColaiste, a chuirfidh críoch le harduithe céime do bhaill foirne chúnta agus seirbhíse, agus chuirfidh i bhfeidhm conartha sealadacha do gach fostaí cáinte go mór agus go ceart ag SIPTU, IFUT agus UNITE.

Tá an tráchtálaíocht ag luasmhéadú in ollscoileanna ar fud an domhain agus ní haon eisceacht atá i gColáiste na Tríonóide. Feictear an Propast Patrick Prendergast, ar nósanna éagsúla, mar an deisceabal is dílse den treocht sin in Éirinn. Is léir an fianaise atá ann, ó athfhorbairt Teach an Rialóra agus Sráid Nassau go dtí an seans go mbeidh ceolchoirmeacha ar siúl sa Choláiste i irth an tsamhraidh. Is le beagán náire a chuireadh ar fáil réimse nua pitseámaí Cholaiste na Tríonóide, ach níl mórán dochair atá ann, agus mar a thugtar le tuiscint dúinn, tuillfidh an beartas sin a lán maoinithe don Choláiste.

Is féidir cur i gcoinne na bhforbartha sin ar bhealaí éagsúla. B’fhéidir go ndéárfá go ndéantar Meiriceánaigh nó “díolta-amach” dínn. D’fhéadfá áiteamh go bhfuil sé ar an stát íoc as sin agus, de réir prionsabail, nach bhfuil sé i gceart gur gá don Choláiste brath ar na beartais sin. Is áititheach iad sin, agus ina measc tá cáintí a chuireadh in iúl ar leathanaigh an nuachtáin seo. Is minic a chuirtear ina gcoinne áfach, agus a thugtar idé-eolaíoch, nó saonta ar a laghad i gcomhthéacs na géarchéime maoinithe.

ADVERTISEMENT

Nochtann an éifeacht cinnidh Choláiste na Tríonóide ar a bhaill foirne féin áfach, an taobh is dorcha den tráchtálaíocht sin, gné de sin a chruthaíonn fostaíocht neamhdhaingean agus laghdú deiseanna do bahill foirne. Agus iomaíocht á ligint mar an tslí ardaithe céime amháin, is mór an dímheas a léirítear i dtreo na ndaoine a oibríonn go dian gach lá chun saol an Choláiste a bhuanú, agus iad ag obair ar an gcóras ríomhaireachta nó ag baint an fhéir. An bhliain seo chaite bhí an Coláiste ag ceiliúradh a fhoireann seomra poist mar is an ceann is fearr a raibh inti. Inniu, tá na daoine seo chun dul i ngleic le todhchaí de fhostaíocht neamhdhaingean agus éiginnte.

Bheifeá dóchasach nach mbeidh Coláiste na tríonóide ag iarraidh go mbeadh a mhic léinn nó a chéimithe ag obair de réir conartha den saghas sin. Chuireann sé tú ag cur ceiste faoin bhfáth go bhfuil an cur chuige sin inghlactha dá fhoireann féin. Tá acadóirí ag gearán cheana féin de bharr conartha sealadacha ina n-earnáil féin. Is gá dóibh, agus do mhic léinn an fhoireann chúnta a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh, mar tá siad riachtanach don Choláiste.