Bacainní agus Beartais Teanga sna Toghcháin TCDSU

Bhí an Ghaeilge chun tosaigh ag Toghchánaíocht Chomionannais agus Eagsúlachta, agus iarrthóirí ag áiteamh ar son aistriúcháin agus i gcoinne eagla don teanga.

Christopher McMahonEagarthoir na Gaeilge
blank
Ivan Rakhmanin for The University Times

I measc réimse leithne ábhair a phléadh ag an tríú toghchánaíocht den fheachtas toghcháin TCDSU, bhí ról lárnach ag an nGaeilge. Bhain an toghchánaíocht le “comhionannas agus éagsúlacht,” ach ina ainneoin sin, bhí an ócáid á chomhóstáil ag an gCumann Gaelach freisin, chun aird a thabhairt go háirirthe do ról na Gaeilge agus chun solas a chur ar a stádas mar mhiontheanga i gcomhthéacs an fheachtais agus i gcomhthéacs an Choláiste ina iomlán.

Bhí Leas-Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Ciarán Wadd i láthair chun ceisteanna a chur óna seastáin ar na hiarrthóirí as Gaeilge, agus faoin nGaeilge. Chruthaigh sé seo caidreamh ait sa léachtlann mar cuireadh gné dátheangach leis an díospóireacht. Cé gur chuir Wadd a cheisteanna as Béarla freisin, i nGaeilge a bhí siad ar dtús, rud a chuir solas ar an easpa Gaeilge i measc roinnt dena hiarrthóirí. Dá bharr sin, is léir go bhfuil dúshláin troma roimh iarrthóirí agus iad ag iarraidh dul i ngleic le fadhbanna na Gaeilge mar, ar feadh cúpla soicind, bhí formhór díbh le míthuiscint iomlan ar a n-aghaidheanna. I measc na staitéisí a chonacthas uathu chun an fhadhb seo a shárú, nochtadh cuid mhór mácántachta. Labhair roinnt iarrthóirí go hoscailte faoin gcaidreamh diúltach a bhí acu ar scoil leis an nGaeilge, cé gur dhearbhaigh siad go léir go bhfuil tábhacht agus luach á fháil sa teanga. Tá tacaíocht ar bhonn prionsabail ag na hiarrthóirí go léir ar an gcéad teanga náisiúnta.

In ainneoin na ndúshlán ata roimh iarrthóirí agus iad ag dul i ngleic le ceisteanna i nGaeilge, ní raibh gach duine díobh ag seachaint an ábhair seo. Bhí sé suimiúil go ndearna roinnt iarrthóirí tagairt don Ghaeilge agus iad ag freagairt do cheisteanna nach raibh curtha ag Wadd. Mar shampla, labhair Úna Harty, an iarrthóir amháin ar oifigeach chumarsáide faoina ról agus í ag eagrú Éigse na Tríonóide, fhéile bhliantúil an Ghaeilge a bhí ar siúl seachtain ó shin. Chomh maith leis sin, dúirt ceann dena hiarrthóirí ar uachtarán, Bryan Mallon go raibh sé ag iarraidh Gaeilgeoirí a mhealladh go Coláiste na Tríonóide agus Gaeigeoirí a mholadh filleadh ar a scoileanna chun cultúr na Gaeilge mar atá sé san ollscoil a mhíniú.

ADVERTISEMENT

Ach, in ainneoin sin, nocht an easpa Gaeilge i measc na n-iarrthóirí ceisteanna suimiúla ach an oiread. Mura bhfuil siad in ann idirghníomhú go díreach léi, conas a bheidh siad in ann í a chur chun cinn? Bhuel, dar le Damien McLean, iarrthóir ar oifigeach leasa, tá aistriúchán ag teastáil chun eolas faoi ócáideanna agus seirbhísí leasa a chur ar fáil ar líne agus as Gaeilge, agus go bhfuil orainn mic léinn atá ina nGaeilgeoirí a íoc chun é seo a dhéanamh. Tá sé go hiomlan ceart agus é ag rá nár leor Google Translate. Labhair iarrthóir eile sa toghchán seo, Emma Purser go dearfach faoi aistriúchán an ríomh-phoist seachtainúla an aontais agus dúir sí go raibh siad ag iarraidh an treocht seo a leathnú. Dhearbhaigh na hiarrthóirí go léir go raibh ócáidí á eagrú acu a bheidh bunaithe ar an nGaeilge.

Bhí Leas-Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Ciarán Wadd i láthair chun ceisteanna a chur óna seastáin ar na hiarrthóirí as Gaeilge, agus faoin nGaeilge.

Ivan Rahkmanin for The University Times

Bhí béim freisin ar an gCumann Gaelach i measc ráiteas na n-iarrthóirí. Dúirt Jonah Craig, an t-iarrthóir amháin ar oifigeach siamsaíochta, go mbeadh sé ag comhoibriú le cumainn go ginearalta, agus dá bharr sin go mbeadh Gaeilge á chur chun cinn go háirithe de bharr a chomhoibriú leis an gCumann Gaelach. Sa bhealach chéanna, nocht Thomas Emmet, iarrthóir ar uachtarán, a intinn comhoibriú leis an gCumann Gaelach chun eagla na ndaoine i dtreo na Gaeilge a bhaint. Dúirt Alice MacPherson, an t-iarrthóir amháin ar oifigeach oideachais go raibh air labhairt níos mó le Gaeilgeoirí chun a riachtanais a thuiscint. I meoin na n-iarrthóirí, b’fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh ról lárnach a thabharit don Chumann Gaelach. Áfach, tá baol ann go bhfuil siad chun cumann seo a ligint chun a theanga a chosaint ina aonair, gan cabhair ghníomhach ón aontas.

Ceist chonspóideach agus ullmhaithe a bhí ag Wadd do Dominic McGrath, an t-iarrthóir amháin ar eagarthóir The University Times faoin méid alt nuachta as Gaeilge a fhoilsíonn an nuachtán. Níl ach trí foain gcéad den saghas alt seo as Gaeilge dar le Wadd. Cé gur aithin McGrath an fhadhb a bhí ann le nuacht, dhírigh sé aird an lucht féachana ar na hailt níos faide agus na ailt tuairime a bhí le scríofa as Gaeilge níos minice. Dhearbhaigh sé freisin go bhfuil dhá eagarfhocal foilsithe ag an nuachtán as Gaeilge gahc seachtain. Ceist dea-scríofa agus léaragasach a bhí ann, ach, bhí sé suimiúil ag an am chéanna, díograis McGrath don teanga a fheiceáil cé gur admháil sé nach raibh sé in ann í a labhairt.

Ní raibh ach iarrthóir amháin a thabhairt freagairt as Gaeilge. Labhair Kevin Keane faoin mbéim mhór ar an gcultúr Gaelach i gColáiste na Tríonóide agus go raibh sé seo le feiceáil i bhféilte cosuil le hÉigse na Tríonóide, ach dúirt sé freisin, de bharr ról an aontais san fheachtasaíocht, go bhfuil sé riachtanach labhairt ar son cearta teanga agus rudaí níos crua.

Ar an iomlán, léirigh an toghchánaíocht go bhfuil lucht na Gaeilge in ann a stádas féin a chosaint go hoscailte, agus go mbeidh na hiarrthóirí sásta an stádas sin a aithint, ach níl sé cinnte go mbeidh siad gníomhach ar an bpointe seo.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.