Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 26, 2017

Cúis Imní do Ghluaiseacht na Mac Léinn atá in Aimhleisceas Íoc as Oideachas Saor in Aisce

Nuair nach nglacfadh ach 50 faoin gcéad de mhic léinn i gColáiste na Tríonóide le cánacha níos airde chun íoc as oideachas saor in aisce, caithfidh ceannairí mac léinn a iarrachtaí a leathnú chun an ghluaiseacht a aontú.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá leid sa teideal: oideachas a mhaoinítear go poiblí. Tá sé riachtanach don chóras seo muintir a bheith ann a chuireann luach go leor ar ardoideachas chun íoc ar son na mac léinn atá ag iontráil in ollscoileanna agus coláistí ar fud na tíre.

Ba cheart go mbeadh torthaí suirbhé vótála a rinne The University Times, a léirigh nach nglacfadh ach beagán níos mó ná 50 faoin gcéad le méadú cánacha chun ardoideachas a mhaoiniú, mar rabhadh do chách a thacaíonn le coincheap oideachais a mhaoinítear go poiblí.

Ní ionann sé sin is a rá go bhfuil uimhir bheag sa 52 faoin gcéad – bheadh páirtí polaitiúil ar bith sona sásta leis an méid tacaithe seo. Ach, níl amhras go gcuireann sé díomá ar dhaoine nach bhfuil ach tromlach beag i measc an ghrúpa a bheadh chun an tairbhe is mó a bhaint as an mbeartas, ag iarraidh níos mó cánacha a íoc chun é seo a dhéanamh. Do ghluaiseacht a bhfuil bród mór ar as a tacú chosmhuintire, agus a bhfuil tar éis a tionchar a leathnú le déanaí, is dócha go bhfuil na ceannairí mac léinn ag cur is ag cúiteamh faoin gcóras maoinithe atá ag iarraidh leis an mionlach mór seo.

ADVERTISEMENT

Leoga, dá léifeadh comhairleoir Fine Gael sa Roinn Oideachais agus Scileanna na huimhreacha seo, is dócha go mbeadh faoiseamh orthu. Is minic a deirtear go bhfuil mac léinn mar grúpa brústocaireachta mhór agus láidir a throideann le chéile ar son oideachais sar in aisce. Scéal eile atá sna torthaí sin. Cé gurbh fhéidir le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) daoine a áiteamh na mílte mac léinn dul amach chun agóid a dhéanamh ar son oideachais a mhaoinítear go poiblí, caithfidh sé fós an argóint a chur in iúl gur fiú íoc as an oideachas seo. Cé gur dócha go ndiúltódh i bhfad níos mó ná 50 faoin gcéad de mhic léinn a bhí ag mairseáil i nDeireadh Fómhair scéim iasachtaí, tá go mór níos lú daoine, i gColáiste na Tríonóide ar a laghad, atá chun glacadh le riachtanais an chórais dona thugann siad tacú ainmniúil.

Cháin an nuachtán seo an Coiste Oideachais agus Scileanna as a éagumas comhdhearcadh a aimsiú faoi chóras maoinithe nua. Tugann torthaí an tsuirbhé vótála go bhfuil an fhadhb seo chomh maith i measc mac léinn, agus iad chun mairseáil ach gan mian íoc. Cé go raibh 30 faoin gcéad de mhic léinn éiginnte faoina dtuairimí, agus go bhfuil gnéithe dearfacha leis sin, ta an am le héiginnteacht imithe. Beidh córas maoinithe nua againn an bhliain seo chugainn de réir an rialtais. Chun rogha indéanta a dhéanamh d’oideachas a mhaoinítear go poiblí, agus ceann a mheallfadh tacú vótóirí ar fud na tíre, is gá do mhic léinn a ndearcadh faoi chánacha a athrú go práinneach. Ar a laghad, caithfidh siad smaoineamh air mar cheann dena córais is dóichí. Ní áiteoidh ach tacaíocht d’aon ghuth ó mhic léinn polaiteoirí na tíre an deis a thabhairt d’oideachas saor in aisce.