Comment & Analysis
Feb 8, 2017

Gaeilgeoirí Gan Cúis Imní Tar Éis Cinnidh NUIG

Níl Ceannaire Ollscoil le Gaeilge éigeantach chun cultúr Gaelach a bhuanú.

Christopher McMahonEagarthoir na Gaeilge

Agus díomá chomh maith le fearg an domhain ar chúpla chuid den phobal Gaelach tar éis cinnidh Údarás na hOllscoile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG) fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge d’Uachtaráin na hinstitiúide, is maith an deis atá again faoi láthair stádas na Gaeilge in Éirinn nua-aimseartha a phlé.

I mí na Nollag, shocraigh Údarás na hOllscoile nach mbeidh sé ar iarrthóirí ar an bpost uachtaráin a bheidh á líonadh go luath cumas Gaeilge a léiriú. Tar éis agóideanna a d’eagraigh roinnt eagraíochtaí gníomhaíochta teanga tar éis na hathbhliana, tá sé fógartha ag Comhaltas na Mac Léinn in NUIG go mbeidh sé “i gcoinne” an chinnidh.

Agus an tseachtain seo caite, chuir an dream polaitiúil leis an scéal agus leasú don Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh 2006 á tairiscint sa Dáil faoi láthair ag Éamon Ó Cuív, atá ina theachta do Ghaillimh Thiar agus a bhí mar Aire na Gaeltachta. Chinnteodh an bhille go mbeadh Gaeilge líofa ag Uachtarán na hOllscoile. Beidh an bille le plé ag an gCoiste Oireachtais don Ghaeilge, Gaeltacht agus Oileáin tar éis gur ghlac an Dáil leis an togra.

ADVERTISEMENT

I mí na Nollag, shocraigh Údarás na hOllscoile nach mbeidh sé ar iarrthóirí ar an bpost uachtaráin a bheidh á líonadh go luath cumas Gaeilge a léiriú

Áfach, an mhór-fhadhb dáiríre a bhfuil i gceist ag an gcinneadh sin maidir le stádas na céad teanga oifigiúla? An bhfuil sé mar riachtanas ag Uachtarán ollscoil ar bith, nó NUIG go háirithe cumas Gaeilge a bheith acu?

I dtosach báire, is gá aithint nár dócha go bhfuil labhairt Gaeilge mar ghné lárnach poist Uachtaráin na hOllscoile. Leoga, má bhunaímid an measúnú atá á dhéanamh againn ar chinneadh na ndaoine a bhfuil ag obair go dlúth leis an Uachtarán, dealraíonn sé nach bhfuil sé riachtanach. B’fhéidir go mbeadh cumas Gaeilge cabhrach, nó mar phointe i bhfabhar an Ghaeilgeora dóchasaigh, ach ní cheart a rá nach féidir freagrachtaí an phoist a chomhlíonadh gan cúpla focal a labhairt. Toisc nach bhfuil sé riachtanach, tá rogha ag an ollscoil maidir leis na critéir iarratais don phost seo chun iad a athrú go réasúnta. Áfach, dá gcuirfí i bhfeidhm riachtanas Gaeilge do phost ar bith, uachtaráin ar ollscoil ina measc, bheadh costas de shaghas éigin ag baint leis. Agus muid ag smaoineamh ar an mbeartas sin a bhí ag NUIG roimhe sin, is gá an cheist a chur orainne féin, gan idé-eolaíocht, gan bhaothghalántacht, an fiú an tairbhe an trioblóid?

Ar dtús, is gá smaoineamh ar an gcostas atá ag baint le riachtanas Gaeilge do phost uachtaráin na hollscoile. Teorainnaíonn riachtanais den saghais sin an grúpa daoine atá in ann dul in iomaíocht chun an post a fháil. In ainneoin an díomá atá intuigthe san fhírinne sin, ní féidir le gach duine ar domhan, nó go fiú sa tír, in ann an Ghaeilge a labhairt. Leoga, níl ann ach 1.7 milliún daoine ar domhain atá labhairt Gaeilge acu, agus ní dócha go bhfuil ceatadán mór daoine den mhéid sin ina n-acadóirí . Go rialta, ardaíonn caighdeán an bhuaiteora nuair atá iomaíocht níos mó i bpróiseas ar bith, deis a chaillfeadh an ollscoil mura gheobhadh sí réidh leis an riachtanas. Freisin, is dócha nach dteorainníonn an riachtanas an uimhir iarrthóirí amháin, ach an réimse náisiúntachtaí a bheadh i measc na n-iarrthóirí. Tá an uimhir daoine taobh amuigh den tír seo a labhraíonn an mionteanga sin an-bheag, agus scriosann an riachtanas Gaeilge an chuid is mó den dóchúlacht go mbeadh duine nach bhfuil ina Éireannach mar Uachtarán ar NUIG.

Ina theannta sin, is gá féachaint go géar ar an tairbhe atá ag baint leis an riachtanas seo. B’fhéidir gur féidir seasamh leis an riachtanas sin a chur i bfeidhm chun ionadaíocht a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus chun cinntiú go gcuirfidh an ollscoil i bhfeidhm beartais a chosnóidh an Ghaeilge agus rudaí mar sin. Ach, nochtann an dearcadh sin míthuiscint millteach ar an nGaeilge. Is teanga í, agus níl idé-eolaíocht atá inti. Cinnte go bhfuil Gaeilgeoirí a dhéanfadh chuile rud don chéad teanga oifigiúil, ach tá mórán nach ndéanfadh rud ar bith ar a son. Is an scéal céanna a bhfuil i gceist do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu: tá roinnt acu i bhfabhar an Ghaeilge a chur chun cinn, agus ta cuid eile i gcoinne beartas den saghas sin.

Is féidir an riachtanas sin a bhaint den phróiseas agus ceannaire na hollscoile a roghnú a chosnóidh agus a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn. Tá Coláiste na Tríonóide ina shampla ar an bpointe seo. Anseo i gcroílár na Páile, in institiúid a bhunaíodh de réir cinnidh banríona Sasanaí, níl sé riachtanach go mbeadh an bPropast Gaeilge a labhairt. Ach is cuma. Tá Oifigeach na Gaeilge ann don Choláiste agus ceann eile d’Aontas na Mac Léinn, agus tá Cumann Gaelach an-ghníomhach. Tá saol Gaelach an Choláiste faoi lánseol, cé nach bhfuil Gaeilge mhealltach mheidhreach ag teacht ó bhéal Patrck Prendergast.

Ní dóigh liom ach an oiread go míníonn “ionadaíocht tuairisciúil” an riachtanas sin, mar a thacaíonn le beartais cuótaí inscne agus rudaí mar sin

Ní dóigh liom ach an oiread go míníonn “ionadaíocht tuairisciúil” an riachtanas sin, mar a thacaíonn le beartais cuótaí inscne agus rudaí mar sin. Níl “leas na nGaeilgeoirí” mar choincheap ciallmhar sa bhealach chéanna is atá leas na mban nó leas féiniúlachtaí eitneacha éagsúla. Tá leas comhghreamaitheach ag muintir na Gaeltachta gan amhras, ach tá Gaeilgeoirí ar an iomlán ilíoch agus tagann siad ó chúlra éagsúla, agus is dócha go bhfuil riachtanais éasgsúla acu.

Ní ionann riachtanas Gaeilge d’uachtarán ar ollscoil cosaint na teanga. Bheadh sé níos fearr go ndíreodh an pobal Gaelach a aird i dtreo cúrsaí níos suntasaí a chosnaíonn ár dteanga, beartas níos suntasaí ná post a thabhairt do dhuine amháin le Gaeilge.

Sign Up to Our Weekly Roundup

Get The University Times into your inbox every week.