Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 26, 2017

Tá Agóid i gcoinne an Ambasadóra Iosraelach tar éis airde a dhíriú ar Shaoirse Labhartha, in áit Cearta Daonna

Baineann beartais díreacha agusa foircneacha Mac Léinn ar son an Bhreithiúnais do Phalaistín a smacht ar an gcomhrá agus dá bharr sin, tá sé níos deacra dóibh a n-aidhmeanna a chur chun cinn.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar an Luan, chuir ócáid a d’eagraigh an Cumann Gnóthaí Idirnáisiúnta (SOFIA) leis an ambasadóir Iosraelach, a Onóir Ze’ev Boker ar ceal tar éis agóide a d’eagraigh an grúpa Mac Léinn ar son an Bhreithiúnais do Phalaistín. Tar éis cantaireachta agus bacainn a chur roimh an léachtlann, chuir an ócáid ar ceal “ar mhaithe le slándáil.”

Tapaidh agus fíochmhar a bhí an freagairt air seo. Dúirty an Propast féin go bhfuil gníomh lucht na hagóide mar “fhritéis den mhéid ar son a sheasann Coláiste na Tríonóide,” ag cur leis sin gur “ceart go mbeadh ollscoileanna in ann idir malartaithe smaointí a éascú.” Tá téama buanaithe sa tráchtaireacht timpeall ar an díospóireacht: go bhfuil saoirse labhartha an ambasadóra sáraithe agus go scriosann an ionsaitheacht an ócáid a bhacadh cultúr díospóireachta na hollscoile, cé gur ceart go mbeadh sí mar lárionad comhráite bhríomhar. Cé go bhfuil ainm mí oiriúnach ar an argóint faoi shaoirse labhartha – tá a chearta fós ag an Ambasadóir, agus níl baol géarleanúna breithiúnaí ann – léiríonn sé an bhealach ina raibh an comhrá faoi truaillithe. Cé go raibh sé ar intinn ag Mac Léinn ar son an Bhreithiúnais do Phalaistín ráiteas a dhéanamh faoi ghníomhartha an Iosrael i bPalaistín, agus iad ag iarraidh dlúthpháirtíocht a léiriú agus tacú le cearta daonna, ta siad tar éis an díospóireacht a dhíriú i dtreo saoirse labhartha. Tá siad ag cur bacainní lena n-aidhmeanna féin.

Níl duine ar bith ag labhairt faoi phalaistín nó faoi Iosrael, ach amháin ar bhealach teagmhasach. In áit comhrá a chur chun cinn faoi Iosrael nó Palaistín nó an tAmbasadóir féin, tá aird dírithe ar fheachtas agus ar gníomhaíocht na gluaiseachta seo. Mar agóid, theip ar an ngníomh. Tá an ghluaiseacht ar son baghcat, dífheistiithe agus smachtbhanna (BDS) a chuireann Mac Léinn ar son an Bhreithiúnais do Phalaistín chun cinn ina hóige i gColáiste na Tríonóide agus dá bharr sin, coimhthíonn an agóid ionsaitheach agus tobann daoine a bhfuil éiginnte maidir leis na ceisteanna seo, agus truaillíonn sé comhrá ata ag teastáil faoi chás na Palaistíne, ag tabhairt tionchair d’Ambasáid Iosrael agus don eagraíocht nuachta coiméadach Breitbart sa díospóireacht a d’fhorbair tar éis é seo.

ADVERTISEMENT

Ag an oíche cheanna, d’eagraigh People Before Profit agus an Cumann Meitifisiciúil (Metafizz) labhairt painéil faoi “chás ar son BDS” i gcomhoibriú le Seachtain Gnímh na Palaistíne an Mac Léinn ar son an Bhreithiúnais do Phalaistín. Beidh níos mó tairbhe ag baint leis an gcur chuige seo agus é ag cur béim an chomhráite ar oideachas agus eolas roimh beartais níos troime a dhéanamh cosúil le hócáidí a bhacadh.

Cé go bhfuil sé go hiomlán difrúil, is féidir le Mac Léinn ar son an Bhreithiúnais do Phalaistín ceachtanna a bhaint ó fheachtas rathúil dífheistithe Fossil Free TCD. D’ardaigh an grúpa an leibhéil airde agus dearcadh dearfach dá chúis trí dhífheistiú a léiriú mar an rogha simplí, loighiciúil nach féidir leis an gColáiste neamhaird a dhéanamh air. Do Mac Léinn ar son an Bhreithiúnais do Phalaistín, atá ag iarraidh daoine a spreagadh tacú le BDS agus gníomhartha bainteacha leis i gcoinne Iosrael, baineann beartais díreacha agusa foircneacha den saghas sin a smacht ar an gcomhrá agus dá bharr sin, níl siad in ann a n-aidhmeanna a chur chun cinn.