Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 26, 2017

Agus Céimeanna Ealaíona á Leasaú, Ní Cheart go mBeadh an Bhéim ar Infhostaitheacht Amháin

Cé go bhfuil athuachan cúrsaí tábhachtach, is gá smaoineamh go níos forleithne, ar shaghsanna fostaíochta neamhthraidisiúnta chun foinsí athraithe eile a aimsiú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá clár Baitsiléir Ealaíon i gColáiste na hOllscoile, Bhaile Átha Cliath (UCD) tar éis athrú go mór. Do lucht iontrála 2018, beidh réimse leathan athruithe, agus intéirneachtaí, taighde agus rogha níos leithne á chur leis an gcúrsa chun é a fheabhsú ó thaobh an oideachias agus na fostaíochta de . Tá Ollscoil Má Nuad freisin ag cur is ag cúiteamh faoina céim ealaíon a fhadú ó trí go ceithre bhliain le deiseanna intéirneachtai agus taighde mar pháirt de chlár nua.

Athnuafaidh na hathruithe sin cúrsaí a bhí gan leasú ar bith le blianta anuas. Is mór an chabhair a bheidh i roghanna difrúla a thabhairt do mhic léinn atá níos ábhartha do ghairm an lae inniu, rud a dhéanfaidh mic léinn níos iomaíoch i margadh domhanda. De réir suirbhé sa bhliain 2013 de 400 chomhlacht níor fhostaigh ach 12 faoin gcéad de fhostóirí céimithe daonnachtaíó agus d’fhostaigh 12 faoin gcéad níos mó ná é sin céimithe eolaíochtaí sóisialta, agus dá bharr sin is léir go bhfuil fadhb mhór dona mílte mic léinn sna ealaíona atá ag críochnú a staidéar gach bliain in Éirinn.

Cé gur maith an rud é cúrsaí a athnuachan chun deiseanna céimithe a fheabhsú, ní cheart go bhfeicfí fostaíocht fócas amháin cúrsa ollscoile. Cé go bhfuil leibhéil níos lú fostaíochta agus ioncaim ag céimithe sna healaíona go traidisiúnta, ní cheart go mbaineann an réiteach leis an bhfadhb seo ó bhunchuspóir céime den saghas sin.

ADVERTISEMENT

Ní théann duine ar bith i mbun céim ealaíon agus iad ag iarraidh bheith dífhostaithe. Ach tá na sonraithe fostaíochta i measc daoine le céimeanna iarchéime mar fhoinse dóchais go bhfuil níos mó ná fostaíocht neamhbhuanaithe i gcéim ealaíon. Sin an fáth go gcaithfimid bheith cúramach agus muid ag iarraidh an córas a athrú go hiomlán. Cé nár soiléir slí beatha na gcéimithe sin, ní ionann sin is a rá gur amhlaidh atá bunchuspóir na céime. Tá taighde agus intéirneachtaí tábhachtacha, ach ní gá go mbeadh siad mart chroílár na céime.

Tá cúis imní atá ag fás sa tuairim go bhfuil ollscoileanna mar shlite go rachmhas, agus mic léinn ag iontráil le gealladh ioncaim airde á tóraíocht acu. Ní thar fóir atá buairt faoi infhostaitheacht, ach cuireann sé leis an roscaireacht go ndéanann tú failí mura bhfuil post acu tar éis méadú intinne agus eolais san ollscoil.

Is minic a cháintear céimeanna ealaíona agus daonnachtaí de bharr an ghanntanais infhostaitheachta do chéimithe atá i gceist acu ach ní fíor é sin – cuireann siad slite níos casta ar siúl agus tá na méadrachtaí ratha difrúla. Ach agus iad i margadh na bpost atá níos casta ná riamh, b’fhéidir go mbeidh sé ar chéimithe a coincheap ratha a athrú agus smaoineamh thar pá ard agus fostaíocht bhuanaithe.

Cé go bhfuil athuachan cúrsaí tábhachtach, is gá smaoineamh go níos forleithne, ar shaghsanna fostaíochta neamhthraidisiúnta chun foinsí athraithe eile a aimsiú.