Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 19, 2017

Díograis Feachtasaíochta Mac Léinn Choláiste na Tríonóide mar Chúis le Dobartaíola faoi Neodrachas ar Athaontú na hÉireann

Tugann mic léinn Choláiste na Tríonóide a lán aird do sheasamh agus do reifrinn, agus is dá bhrí sin gur cheap siad go cúramach faoin vótáil maidir le haontacht na hÉireann.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dá ndéarfaí seachtain amháin roimh na toghcháin do oifigigh sabóideacha Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) go mbeadh ceann dena ceisteanna is comhaimseartha atá roimh ghluaiseacht na mac léinn in athaontú na hÉireann faoi láthair, cuirfí ionadh ar an tromlach. Ach sin a tharla, agus Coláiste na Tríonóide mar an chéad ollscoil tar éis cúpla reifreann ar champais na hÉireann gan sainordú i bhfabhar aontachta na hÉireann a thabhairt dá aontas na mac léinn. Bhris Coláiste na Tríonóide treocht ina bheidh eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do mhílte mac léinn ar fud na tíre faoi shainordú tacú leis an gcás agus an tromlach Aontaitheach scriosta sa Tuaisceart, tacaíocht do Shinn Féin i mbarr a réime sa Dheisceart agus Breatimeacht ag crá is ag creimeadh cobhsaíochta na Ríochta Aontaithe.

Tar éis an móimintim seo, is mór an gortú atá sa toradh toghcháin i gColáiste na Tríonóide do dhaoine a thacaíonn leis an reifreann. Ach ní féidir é a thuiscint mar chinneadh i gcoinne athaontaithe féin. Níor vótáil ach 44 duine i gcoinne athaontaithe agus d’adhmháil na daoine a labhair ar son neodrachais go fiú faoina mhian Eire aontaithe a fheiceáil sa todhchaí. Neodrachas, gan rud ar bith eile, atá i gceist.

Vótáil mic léinn Choláiste na Tríonóide roimhe sin ar son cásanna ina bhfuil tionchar an aontais in easnamh agus nach meallfaidh acmhainní an aontais – leasú an tSeanaid agus agus feachtasaíocht ar son deireadh a chur le soláthar díreach. Ach, de bharr tábhachta náisiúnta na ceiste sin, níor dócha go ligfí an cás conspóideach seo gan gníomhaíocht sa bhealach chéánna.

ADVERTISEMENT

In áit é sin, nuair a iarradh orthu vótáil faoi ábhar feachtasaíochta a n-aontais, bhí mic léinn a bhfuil tionchar díréireach ag n-aontas ar an leibhéal náisiúnta de réir a dhaonra beag amhrasacha maidir le seasamh cruinn a roghnú. Agus Coláiste na Tríonóide ag obair go gníomhach, trí mhic léinn ón Tuaisceart a mhealladh, chun ollscoil idirnáisiúnta, nó ollscoil don oileán iomlán a dhéanamh de féin, bhí ról lárnach ag ceist na huileghabhálachta do sheasamh chuid mhór de mhic léinn.

Tá sé feicthe ag mic léinn i gColáiste na Tríonóide go bhfuil rath ag a n-aontas de ghnáth agus é ag cur a fhuinneamh le rud éigin, agus baineann sé sin le brústocaireachta agus daoine a mhealladh chuig agóidí agus eachtracha. Níor dheacair tuairim a roghnú maidir le hathaontú na hÉireann, ach rud go hiomlán difrúil a bhí i gceist in oibriú ar son feachtais gníomhaigh.