Comment & Analysis
Mar 19, 2017

Polaiteorí Scaipthe ar fud an domhain do Lá Fhéile Phádraig: An Fiú É?

Agus airí ag tabhairt cuairte ar chuile cearn den domhan, cuireann Philip McGuinness ceist maidir leis an tairbhe atá ag baint leis an traidisiún taidhleoireachta sin.

Philip McGuinnessSenior Staff Writer

Tá Lá Fhéile Phádraig thart orainne anois ach tá seans ann go mbeidh na féilte agus na ceiliúrtha ar fud na cruinne ag leanúint thar an deireadh seachtaine. Tá an seachtain uilig tógtha ag ár rialtas chun beagáinín taistil a dhéanamh ar fud na cruinne. Mar is eol do gach éinne, bhí an Taoiseach ag tabhairt cuairt ar an Teach Bán ach bhí ár n-ionadaithe eile scaptha ar fud na cruinne, Pascal Donohue mar shampla sa tSeapáin agus sa Choireá Theas agus neart aire eile imithe i dtreo mór-roinn na hEorpa.

Cuireadh iontas orm an tseachtain seo an méid sin mac léinn a chloisteáil a raibh tuairimí acu i dtaobh an cháis seo. Téann an traidisiún idir an Taoiseach agus Uachtarán na Stát Aontaithe siar chuig Harry Truman agus seisean i gceannas sa bhliain 1952. I measc an dreama eile a théann thar sáile don tseachtain, cuireadh tús leis sin i rith na nóchaidí agus níos mó airgid againn ar ndóigh i rith an Tíogair Ceiltigh. Cuirtear bród ar dhaoine éigin agus fearg is crá ar dhaoine eile.

Deirtear gur iomaí an méid fadhbanna atá againne sa bhaile faoi láthair agus gur chóir leis an rialtas fanacht anseo chun iad sin a phlé agus a réiteach. I mbliana, tá sé sin níos soiléire ná mar a bhíodh riamh. Tá scannal i ndiaidh scannail ag crá is ag créimeadh an rialtais i láthair na huaire agus dealraíonn sé sin don phobal go bhfuil an rialtas iontach sásta chun dearmad maith a dhéanamh orthu ar feadh tamaill fad is a bhíonn sé ar an gcoigríoch. Deirtear chomh maith nach gcuimhníonn an pobal mórán na laethanta seo. Cuireann scannal éigin déistin orainn ar feadh cúpla lá, gealltar orainne go mbeidh binse bhreithiúnais curtha ar bun agus ansin déanaimid dearmad glan air.

ADVERTISEMENT

Níl an tuairim sin chomh foirsteanach na laethanta seo, áfach. Tá brú uafásach ar an rialtas faoi láthair leis an gceist faoina Gardaí, na deacrachtaí leis na gluaiseachtaí sóisialta cosúil leis an ngluaiseacht fhuinniúil, ‘Strike for Repeal’. Dearcadh gnóthach atá ag teastáil ón bpobal maidir leis an rialtas ionas go rachadh siad i ngleic láithreach bonn leis na ceisteanna conspóideacha seo.

Ó thaobh na polaitíochta de, tá géarchéim gan réamhshampla romhainn anois sa Tuaisceart. Mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá ról ag rialtas na hÉireann mar haon leis an rialtas i Westminster cursaí a phlé leis na pairtithe éagsúla sa Tuaisceart sula bhunófar rilatas i Stormont. Níl ach cúpla seachtain fágtha i gcomhair na ndíospóireachtaí seo. Caithfidh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan filleadh ar Bhéal Feirste le linn na laethanta atá romhainn nuair a fhilleann sé abhaile ón Iodáil. Am iontach thabháchtach don chaidreamh idir an tír seo agus an Bhreatain agus tá ionadiathe láidir de dhíth orainn i gcónaí ag seasamh ar son leas na nÉireannach.

Mar haon leis sin, tá an cheist faoi thuras an Taoisigh go Washington ina chnámh spáirne fós agus is iomaí atá ráite faoi go fóill. Tá airgead á úsáid ag na polaiteorí chéanna seo as an gciste poiblí agus is muidne atá ag íoc as seo, mar is gnáth. Leis an gcultúr a bhí againne leis an mbreabaireacht, ní chruthaíonn na turais seo íomhá ró-mhaith i measc an phobail, sin rud a thugann gach duine faoi dheara. Deirtear dúinne gur fíu é mar gheall ar na margaí a dhéanann siad leis na tíortha eile. Níl an tairbhe sin feicthe againn go fóill, ní bhíonn tionchar aige ar na daoine a mhaireann ó lámh go béal, sin iomlán sofheicthe.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.