Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 23, 2017

Baintear an Bhonn ó Dheighilt idir Mic Léinn agus Stát le hÉileamh ar Chuideachtaí Oideachas a Mhaoiniú

Tá tobhaigh ar fhostóirí agus cánacha ar bhrabúis ag iontráil sa lárshruth mar bhealach inghlactha chun ardoideachas a mhaoiniú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Seachtain nua agus togra nua maidir le maoiniú ardoideachais. Ach tá moladh Aontas na Múinteoirí in Éirinn (TUI) mar ghné den treocht nua sa díospóireacht faoi mhaoiniú ardoideachais atá ag aithint ní hamháin ón stát nó ó mhic léinn gurbh fhéidir an t-airgead a tharraingt.

Tairgeann an t-aontas go dtuillfeadh cáin nua d’aon faoin gcéad ar bhrabús cuideachta €550 milliún gach bliain, ag cur togra eile lesi an díospóireacht maidir le conas is féidir maoiniú a thabhairt don earnáil ardoideachais. B’fhéidir nach nglacfadh leis an gcinneadh sin – níl rud ar bith nua in aontas eile ag éileamh cuid den ualach a chur ar chuideachtaí agus ní dócha go gcloisfidh Fine Gael atá caomhach maidir le polasaí geilleagrach. Ina theannta sin, is tír í seo a chosnaíonn go géar rátaí cánach ar chuideachtaí.

Afách, d’fhéadfaí a rá go bhfuil an deighilt idir an stát agus an mac léinn ag dul in éag tar éis a lánsmachta fada sa díospóireacht sin. Tá an díospóireacht faoi ardoideachas chomh suimiúil sin mar tá aitheantas forleathan faoi chás práinneach na hearnála agus a riachtanas maoinithe ach freisin mar tá méid atá ag dul in airde eagraíochtaí, aontais na mac léinn agus cearchumainn ina measc, tar éis áiteamh gur cheart go mbeadh cuideachtaí agus gnólachtaí ag cur le maoiniú an ardoideachais as a bhaineann siad tairbhe.

ADVERTISEMENT

Agus dá bharr sin, cé nár dócha go nglacann an rialtas go hiomlan le moladh TUI, níl sé thar gach tnúthán go mbeidh níos mó beartais a chinnteoidh go gcuirfidh gnólachtaí agus cuideachtaí le hardoideachas de shaghas éigin. Níl ach i mí na Márta a mhol an rialtas féin méadú an tobhaigh a chuireann sé ar fhostóirí – togra a bhí ag cearchumainn agus aontais na mac léinn.

Tá Ibec, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do fhostóirí ar fud na tíre neirbhíseach gan amhras – dúirt sí le Coiste an oireachtais um Oideachas agus Scileanna anuraidh nár cheart go mbeadh tobhach méadaithe ar fhostóirí mar “ghreimlín” do scoileanna agus coláistí.

Níl an fáth go hiomlan soiléir nár cóir go n-íocann gnólachtaí as an obair as a bhaineann siad tairbhe. B’fhéidir go bhfuil eagla orainne maidir le tionchar a thabhairt dóibh sna hinstitiúidí, ach tá siad anseo fós, ag déanamh urraíochta agus ag athrú tréithe céimithe. Ar a laghad is féidir eo íoc as an bpríbhléid.