Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 9, 2017

Nochtann an chonspóid faoi Keane agus Iosrael Tábhacht an Difríocht idir Creidimh agus Ionadaíocht a Aithint

Is inmholta an iarracht ionadaíocht a dhéanamh ar son mac léinn, ach tá sé seo níos deacra do ról an uachtaráin ná poist eile. Is gá smaoineamh go géar ar ghealltanais feachtais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá sainmhíniú níos doiléire ag ról an uachtaráin ar Aontas na Mac Léinn (TCDSU) i gcomparáid le poist lánaimseartha eile an aontais. Agus daoine ag cur ceiste ar iarrthóirí gach bliain faoin saghas uachtarán a bheadh iontu – ceist a bheadh maslach dá gcuirfí ar iarrthóir ar oifigach oideachais – tairgeann an post níos mó deiseanna chun a chreideamh agus a smaointí a chur leis ná post ar bith eile san aontas.

Ach leis an saoirse chomparáideach sin baineann teorainn éiginnte: teorainn idir creideamh pearsanta agus na tuarimí agus seasaimh éagsúla a bheidh á tácú ag an aontas. Is príomhoifigeach feachtasaíocht atá in uachtarán ar an aontas, mar is eagraíocht daonlathach í, agus is de bharr sin a raibh sé iarrtha air ag mic léinn seasamh a roghnú faoi leasú an tSeanaid soláthar díreach. Caithfidh an t-uachtarán a thuiscint go bhfuil siad in ann tacú le cás éigin, agus is scéal go hiomlán difrúil atá i dtacaíocht eagraíochta de 17,000 mac léinn a chur leis freisin.

Léiríonn an chonspóid faoi chinneadh an t-Uachtarán toghaí ar TCDSU, Kevin Keane labhairt i gcoinne rúin a thabharfadh sainúdarás don aontas baghcat acadúil agus eacnamaíoch i dtreo Iosrael, cé chomh tábhachtach is atá sé bheith ar aon taobh ceart den teorainn sin. Nuair a cuireadh ceist air le linn an fheachtais faoina thacú leis an mbaghcat sin, ní raibh Keane amhrasach maidir lena fhreagra. Áfach, níor cheap sé roimh 40 soicind roimh a óráid sa ag an gcomhairle, i gcoinne an rúin, gurbh fhéidir go mbeadh bearna idir a raibh á ghealladh acu mar uachtarán agus a thuairimí faoi na rudaí atá seasamh an aontais ag teastáíl uathu.

ADVERTISEMENT

Maidir leis sin, ní raibh sé ag labhairt le rud éigin nach bhfuil mórán eolais aige faoi. Mar Uachtarán ar SUAS, d’eagraigh sé ócáid chun eolas an phobail ar an gceist seo a mhéadú. Is inmholta iarracht a dhéanamh fregairt do éilimh mac léinn agus ionadaíocht a dhéanamh ar son a gcreidimh, ach is dócha go bhfuil cuma fhimíneach ar tuairimí a athrú agus labhairt go díreach sa díospóireacht i gcoinne an rúin in áit noedrachas a áiteamh i súile an phobail.

Is conspóideach an cinneadh a bhí i gceist faoi bhaghcat acadúil agus eanamaíoch – bhí cuid mhór de mhic léinn ag iarraidh go mbéimneodh an t-aontas cúrsaí níos áitiúla. Ba cheart go mbeadh fonn gan mic léinn a scoitheadh chun tosaigh ina smaointí. Tá fadhb ann nuair aathraíonn an próiseas smaoinimh sin idir iarrthóireachta agus toghchán.