Comment & Analysis
Apr 11, 2017

Smaoineamh Fiúntach atá i dTréimhse a Chaitheamh sa Ghaeltacht um tSamhraidh

Ní hamháin do dhaltaí atá ag staidéar don Ardteistiméireacht atá inti, a áitíonn Philip McGuinness.

Philip McGuinnessScríbhneoir Foirne Sinsearach

Leis na laethanta ag dul i bhfaide agus an aimsir ag dul i bhfeabhas chomh maith, tosaíonn na mic leinn uilig ag smaoineamh ar a gcuid phleananna don tsamhraidh. De ghnáth, bíonn brú suntasach ag baint leis sin, táthar ag súil leis i gcónaí go mbeadh plean mhór amháin roghnaithe agus eagraithe agat do na míonna atá ag teacht. Níl sin ach mionlach na ndaoine i ndáiríre, daoine a bhfuil ‘cuma ideálach’ ar an saol atá acu, de réir na híomha a chruthaíonn siad dúinne. Smaoineamh iontach fiúntach d’éinne eile a bhfuil eispéireas bríomhar uathu don tsamhraidh ná tréimhse éigin a chaitheamh sa Ghaeltacht. Téann neart déagóirí chuile bhliain chuig na ceantair Gaeltachta éagsúla. Seans ann go bhfillfaidís ar ais an chéad bhliain eile ach is minic nach leanann siad leis. Leis an taithí atá faighte againn uilig sa choláiste go dtí seo, ní drochsmaoineamh í cur isteach ar phost mar cheannaire nó mar mhúinteoir sa Ghaeltacht.

Tá éileamh mór tagtha ar na cursaí Ghaeltachta leis na blianta beaga anuas. Tá nua-íomhá spraoiúil, bríomhar cruthaithe i leith na Gaeltachta. Tá an-tóir anois ar dhaoine óga a bheith ábalta tréimhse a chaitheamh le linn chúrsa éigin. Tá an bhorradh sin le feiceáil ó Phort Láirge, go Tír Chonaill, de ghnáth, ceangailte leis an rath a bhain Coláiste Lurgan i gCeathrú Rua amach lena gcuid fiséan cheoil roinnt blianta ó shín. Tá roinnt de na coláistí bainteach go speisialta le spórt uisce, le ceol nó leis na himeachtaí eachtraíochta. Bheadh ról ann le gach éinne le rogha anois atá níos doimhne agus níos leithne.

Taithí iontach fiúntach atá bainteach le phost mar cheannaire nó mar mhúinteoir sa Ghaeltacht. B’fhéidir go mbeadh sé ar cheann na bpost samhraidh is fíuntaí atá ann. Léiríonn sé go géar go bhfuil spiorad phobail agat, thar aon rud eile, duine a mbeadh ábalta caidreamh a bhunú i measc pobail éigin. Tá post an cheannaire nó an mhúinteora cosúil le ról an mhéantóra go fíreannach. Tá dualgas ort comhairle a thabhairt do na mic léinn agus a bheith ábalta cabhair a thabhairt leo. Is méantór i measc chomhphobal Ghaelach thú le ról iontach spéisiúil, dúshlánach agus tairbheach.

ADVERTISEMENT

Tá cuimhní ceanúla ag gach éinne a chaith tamaillín éigin sa Ghaeltacht. Bíonn faitíos ortsa i dtosach ach ní fada go dtéann tú i dtaithí leis. Muna raibh tú riamh sa Ghaeltacht, ní chiallaíonn sé sin nach mbeidh tú ábalta cur isteach ar phost éigin a bheadh ar fáíl. Deis nua é duitse i ndáiríre triail a bhaint as agus cuimhní nua a chrúthú duit don todhchaí. Tá neart cloiste agam féin fá dtaobh na gceantar Ghaeltachta éigin agus is dóigh liom go mbeidh mise chun triail a bhaint astu amach anseo.

Ós rud é go bhfuil tú beagánín buartha faoin gcaighdeán Gaeilge atá agat, ná bí. Téann tú i dtaithí leis gach stró ar bith agus níl caighdeán dochreidte, dúchasacha atá de dhíth i roinnt cásanna. Tá oileáin gálanta againn agus tá na ceantair thuasluaithe sin ar cheann de na ceantair is iargúlta agus is deise atá againne sa tír. Do na dhaoine a dhéanann tréaniarracht a gcuid Ghaeilge a chleachtadh i rith na bliana, bíonn faitíos orthu i gcónaí go bhfuil siad chun í a chailliúint thar na míosa sin. Seans ann nach mbeadh an deis sin agat arís i do chinniúint agus bheadh áíféala agat gan fiú triail a bhaint as uair éigin i do shaolsa.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.