Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 23, 2017

Treisíonn Cinneadh Tionól Saoránach Tábhacht na Saineolaithe sa Díospóireacht Aisghairme

Ar dheireadh seachtaine ina mháirseáil mílte daoine ar fud an domhain chun fíricí a chosaint, ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar luach na saineolaithe sa díospóireacht aisghairme.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Beidh rianta conspóid an phróisis féin sa díospóireacht a leanfaidh an nuacht gur vótáil an Tionól Saoránach go mór chun moladh thabhairt i bhfabhar athraithe, in áit aisghairme an ochtú leasaithe agus rochtain dleathach do ghinnmhilleadh gan bacainní a bhaineann le ceannfháthanna na mban. Tá sé áitithe ag roinnt daoine nár féidir leis an tionól, lena 99 duine cosmhuintire a tharraingaíodh a chuala le léirithe agus comhráite faoin díospóireacht ginmhillidh, bheith chomh ionadaíoch le reifreann a chur don daonra ina iomlán, agus d’aimsigh daoine eile lochtanna i bpróiseas roghnaithe na saineolaithe, a bhí ar an dá thaobh den cheist.

Ach i ndomhan ina chuirtear dúshlán roimh luach tuairime an tsaineolaí – i ndomhan ina raibh máirseálacha ar siúl le linn an deiridh seachtaine chun luach eolaíochta agus fíricí – ní féidir tábhacht na saineolathe sin i ndíospóireachtaí casta a mheas faoina cumas. Is sampla foirfe atá sa Thionól Saoránach, mar chinnteoireacht a bhunaíodh ar fhianaise, de thábhacht fiosrúcháin eolaíochta agus de comhiobrithe le saineolaithe.

Leoga is féidir naisc a fheiceáil idir é seo agus an Máirseáil ar son na hEolaíochta an deireadh seachtaine seo. Treisíonn an dá eachtra an tábhacht atá ag saineolaithe agus iad ag airraidh iad féin a dheánamh inrochtana i ndíospóireachtaí, agus b’fhéidir go bhfuil sé dá bharr sin, go bhfuil dearcadh ann atá ag méadú go bhfuil saineolaithe gan idirghníomhú leis an gcosmhuintir. Bhí acadóirí Choláiste na Tríonóide mar dhaoine poiblí agus oscailte le linn na díospóireachta, bhí an tOllamh Luke O’Neill agus an Propast Patrick Prendergast ag an máirseáil agus bhí an tOllamh Oran Doyle agus an tOllamh Rachael Walsh ó Scoil an Dlí na hollscoile ag tabharit solais ar an bpróiseas bunreachtúil don tioól agus don phobal trí na meáin chumarsáide.

ADVERTISEMENT

Thosaigh siad an próiseas le méid eolais a bhaineann le gach saoránach d’Éirinn agus ag a chríoch, dáitigh siad i bhfabhar rochtana do ghinmhilleadh in Éirinn. Is dócha gur athraigh tuairimí cuid acu le linn an phróisis, mar tá na moltaí i gcodarsnacht le torthaí suirbhé Irish Times ina raibh an tromlach ag iarraidh cead ginmhillidh a thabhairt do mhná i gcásanna áirithe.

Tugadh ar na baill den Tionól Saoránach na daoine is eolaí sa tír iomlán faoi chaolchúis na ceiste. Thuill siad an gradam sin tar éis éisteacht le agus labhairt faoi fhianaise phearsanta de mhná, chomh maith le saineolaithe leighis, eitice agus dlí agus mheasúnaigh siad castacht an chirt roghnaithe agus caolchúis an Bhunreachta. Bhí a gcinnteoireacht á chothú ag saineolaithe de gach tuairim. Tar éis blianta á screadáil ón imeall, caithfimid bheith cinnte go mbuafaidh fianaise sa díospóireacht ar an ochtú leasú.