Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 14, 2017

Tá Díograis Fhadtéarmach faoi Chomhpháirtíocht mar Reiteach le Fadhbanna na Mac Léinn

Tá an iomarca cumais ag an aontas comhpháirtíochta ceannródaíoch idir mic léinn agus an Coláiste chun siombalachas aháin a dhéanamh dó.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní dócha, go mbeadh mac léinn Choláiste na Tríonóide in ann, dá gcuirfí ceist orthu faoinár gcairt na mac léinn, cur síos a dhéanamh ar na cearta agus freagrachtaí atá inti. Cé go bhfuil an ceart ag mic léinn agus iad ag iarraidh teidlíochtai áirithe agus iad sa Choláiste, is minic a bhfuil an caidreamh seo mearbhallach agus údarásach, agus mic leinn ar bhonn an chórais le linn a gceithre bhliain.

Sin an saghas smaointí a chuir leis an gconradh comhpháirtíochta ceannródaíoch idir beirt aontais na mac léinn atá sa Cholaiste – Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) agus Aontas na nIarchéimithe (GSU) – a shíníodh an tseachtain seo. Tá sé tábhachtach an deis a thabhairt do mhic léinn ról gníomhach a ghlacadh i gcinntí an Choláiste – ach tá an tábhacht sin ag brath ar thacaíocht ón dá thaobh den aontas.

Agus an t-aontas i láimhe an dá thaobh, agus léirmheastóireacht agus pleananna feidhmiúcháin scríofa, tá an seans go mbeidh an t-aontas seo chun bheith dearmadta íseal. Ach, mar a tharlaíonn go minic, beidh sé éasca dearmad a dhéanamh ar an aontas mura bhfuil aithne aige i measc na mac léinn agus mura gcothófar cultúr úsáid a bhaint as.

ADVERTISEMENT

I measc na bpointí comhpháirtíochta, tá ábhair faoina a dhéanann mic léinn gearán go minic: foghlaim ar líne, aiseolas measúcháin, soláthair seirbhísí TF, spásanna neamhfhoirmiúla do mhic léinn, rochtain do mhic leinn faoi mhíchumas. Is céim mhór i bpróiseas leasuithe dona rudaí is mó a chuireann isteach ar mhic léinn maidir leis an gColáiste atá i nguth a thabhairt dóibh, agus is dócha go dtabharfaidh sé deis do bhaill foirne na leasuithe seo a chur i bhfeidhm. Ach ta baol ann go ndéanfar neamhaird ar an gcomhpháirtíocht mura dtabharfar eolas do mhic léinn agus baill foirne i ngach cearn den Choláiste gur cheart feabhsú a dhéanamh ar an gcaidreamh seo.

Dealraíonn sé go bhfuil an fhoireann oifigeach mac léinn agus den Choláiste díograiseach maidir le cur i gcrích aidhmeanna an aontais agus ionadaíocht a dhéanamh do ghuth an mhic léinn i gcinntí faoi mhúinteoireacht, measúchán agus taithí an mhic léinn. Mura bhfuil na foirne oifigeach sa todhchaí chomh díograiseach sin, ní bheidh toradh ar bith den obair seo. Beidh aontais na mac léinn ar fud na tíre ag féachaint ar scéal na comhpháirtíochta sin, agus í mar an chéad ceann den saghas sin in Éirinn. Ní féidir linn an deis a chailleadh.