Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 18, 2017

Airdeallach faoi Iasachtaí, ach gan bheith Forchéimní go leor do Lánmhaoiniú, b’fhéidir go Ligfidh Varadkar Oideachas in Éiginnteacht

Laghdaíonn mianta Varadkar é féin a léiriú mar pholaiteoir forchéimní dóchúlacht scéime iasachtaí. Ach ní ionann sin is a rá go mbeidh oideachas saor in aisce cinntithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar dtús bhí dóchas, agus ansin an doilíos. Bhí soirbhíochas beag go fiú i measc na bpolaiteoirí den fhreasúra agus lucht na gceardchumann síonchaite nuair a d’fhógair Leo Varadkar go mbeadh aire nua le freagracht ar ardoideachas aici. Tugann an rírá a lean an ard-aire sóisearach nua le tuiscint gurbh fhéidir go raibh an soirbhíochas sin ar míthreoir.

Leoga, in ainneoin áitithe Varadkar gur gá an earnáil a mhaoiniú, is deacair samhlú go mbeadh sé ag iarraidh dul i ngleic le fadhb a ídeodh a lán caipitil polaitiúla. Cé gur dócha go bhfuil sé i bhfabhar scéimeanna iasachtaí de bharr a idé-eolaíochta, b’fhéidir go mbeadh beartas mar seo thar fóir do Varadkar, agus é ag iarraidh bheith mar Emmanuel Macron agus Justin Trudeau, in áit Theresa May nó David Cameron. Ní dhéanfaidh Varadkar rud ar bith a chuir le háiteamh na ndaoine a thugann “Thatcherite” air.

Is gá bheith buíoch de sin. Áfach ní dócha ach an oiread go mbeidh sé mar thosaíocht aige oideachas saor in aisce a chur i bhfeidhm. Ní hamháin go bhfuil oideachas saor in aisce thar stór focal Varadkar, ach is dócha go mbeadh an cath polaitiúil a bheadh ann ina fhabhar agus staid Fine Gael gan seasmhacht sa Dáil.

ADVERTISEMENT

Beidh an freagracht deiridh maidir le cinneadh a dhéanamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, agus tá a amchlár féin aige – an Cáinaisnéis 2018. Áfach, in ainneoin an méid ata ráite aige faoina mhian maoiniú ceart a thabhairt don earnáil, beidh ar Varadkar tosaíocht a dhéanamh de chun scéim iasachtaí nó oideachas a mhaoinítear go poiblí a rith i nDáil Éireann.

Dúirt duine dena cruthaitheoirí de chóras maoinithe na Ríocht Aontaithe le The University Times go bhfuil polaiteoir carasmatach ag teastáil chun scéim iasacht a thógáil chun rath. Go fiú más carasmatach an polaiteoir atá i Varadkar, beidh sé cúramach maidir le beartas ar bith cibé acu scéim iasachtaí nó méaduithe cánach atá i gceist, nach dtaitneoidh le vótóirí.

Beidh tacaíocht an Taoisigh riachtanach chun cinneadh chomh tábachtach sin faoi mhaoiniú ardoideachas. Tar ési beagáin ama, beidh sé ar eolas againn má tá Varadkar forchéimní go leor chun oideachas saor in aisce a chur i bhfeidhm nó má thaitníonn an “comhdhearcadh” lag a réamhtheachtaí leis.