Comment & Analysis
Editorial
Jun 18, 2017

Chun Tionchar a Thabhairt do Mhic Léinn sa Reifreann seo, Caithfimid Tús a Chur Leis an Obair Láithreach

Nuair a fhógraíodh an reifreann, luasghéaraigh obair na mac léinn ar son comhionannas pósta. Tá an rud céanna ag teastáil sa vótáil ar an ochtú leasú i 2018.

Léigh as Gaeilge an t-Eagarfhocal (Read Editorial in Irish) »
By The Editorial Board

s toradh blianta oibre a bhí sa reifreann Chomionannas Pósta sa bhliain 2015. Bhí blianta brústocaireachta agus feachtasaíochta, blianta a chaitheadh ag obair chun dearcthaí a athrú agus infheictheacht an chomphobail LGBT a mhéadú ríthábhachtach chun an tír a thógáil chun bheith sa chéad tír ar domhan a chuir comhionannas pósta i bhfeidhm trí vótáil an phobail.

Ach, nuair a fhógraíodh an reifreann, thosaigh sort ullmhúcháin níos praiticiúla, ullmhúchán a bhí á chur i gcrích ag mic léinn – idir clárúchán mílte daoine mar vótóirí sular chinntíodh an dáta don reifreann agus litríocht a ullmhú a bheadh á úsáid ag daoine feachtais roimh dhoirse na tíre a bhí i measc na hoibre sin.

Bhí an saghas oibre sin ríthábhachtach, go háirithe do mhic léinn, mar níl cuid acu cláraithe mar vótóirí agus tá cuid eile cláraithe i ndáilcheantar difrúil leis an gceann ina chónaíonn siad ar feadh na bliana ollscoile, agus is beag an taithí feachtasaíochta atá acu go ginearalta. Ta córas clárúcháin vótóirí na hÉireann an-chasta, agus bhí sé aitheanta mar cheann a dhéanann leithcheal maidir le vótóirí óga go háirithe ag Stiúrthóir Beartais ag an Líonra Comhionannais do Dhaoine Aeracha agus Leispiacha (GLEN), a dúirt: “dá mbeifeá ag iarraidh clár vótála a chruthú le haidhm an bhonn a bhaint ó vótóirí óga, is cinnte gurb é sin an córas a chruthófá.”

ADVERTISEMENT

Má tá mic léinn ag iarraidh an tionchar céanna a bheith acu sa reifreann ar an ochtú leasú, is anois a chaithfidh siad tús a chur leis an obair. Chaith Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide agus aontais eile míonna agus iad ag iarraidh an córas clárúcháin a thuiscint chun an méid is mó mic léinn a chlárú, chomh maith leis na feachtais clárúcháin a bhí ar siúl ar champais agus i dtithíocht mac léinn. Bhí sé riachtanach an obair sin a thosú sula chinntíodh an dáta don reifreann, agus bhí brústocaireacht láidir ag teastáil chun cinntiú go mbeadh an reifreann ar siúl i lár na seachtaine, i rith an téarma, chun cinntiú go mbeadh mic léinn i mBaile Átha Cliath agus nach mbeadh orthu taisteal go fada chun vótáil.

Níl sainordú ag aontas na mac léinn ar bith feachtasaíocht a dhéanamh i gcoinne aisghairm an ochtú leasaithe, agus bhí ról lárnach ag mic léinn in agóidí agus mairseálacha agus na sluaite a bhí iontu á líonadh ar son rochtana do chearta ginmhillte. Trí vótáil, agus daoine eile a áiteamh, caithfidh le mic léinn ról lárnach a bheith acu má tá siad ag iarraidh go rithfear an reifreann seo. Áfach, beidh a n-iarrachtaí teoranta mura dtosóidh an obair láithreach.