Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 25, 2017

Le hAthchruthú na Deighilte idir Ealaíona agus Eolaíochtaí, Tá Áit ar Thús Cadhnaíochta ag Fanacht le Coláiste na Tríonóid

Tá STEAM, in áit STEM, go mór i mbéal an phobail faoi láthair, agus tá deis deighiltí traidisiúnta a athrú agus an Colaiste ag smaoineamh arís ar a oideachas fochéime.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Le cúpla eisceachtaí, tá struchtúr céime Choláiste na Tríonóide roinnte de réir línte soiléire. Cosúil leis an gcampas féin, leis na moil i mBloc na nEalaíon agus an Foirgneamh Hamilton, tá cúrsa ag an gcuid is mó de mhic léinn a churtha go slachtmhar faoina lipéid “Ealaíona” nó “STEM”, agus cúrsaí atá gnéithe acu ar an dá thaobh den deighilt sin fágtha i gcathair ghríobháin mearbhallach maotlathach.

Ní heisceacht í Coláiste na Tríonóide sa chomhthéacs sin, agus is iad na téarmaí seo a shainmhíníonn a bhfuil á foghlaim ag mic léinn in ollscoileanna ar fud an domhain. Ach tá sé ráite níos minice ná riamh gur gá bogadh ó STEM – a bhaineann le heolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic – go STEAM, ina bhfuil ábhair STEM feabhsaithe, mar a áitítear, ag na healaíona.

Ach tá sé cinnte ag Coláiste na Tríonóide anois blianta a thiomnú chun a churaclam fochéime a athchruthú, agus é á ghealladh ag an ollscoil go mbeidh comhcheangail nua ábhair agus modúil nua mar ghné de seo, agus iad ag cur i gcrích Tionscnamh Oideachais na Tríonóide. Tá féidearthacht fós ann go mbeidh Colaiste na Tríonóide caomhach, agus iad ag cur comhcheangail nua de ábhair ealaíona i bhfeidhm. Ach tá seans ann go mbeidh an ollscoile misniúil, agus go n-aithneoidh sé go bhfuil disciplíní mar fhealsúnacht agus matamaitic níos gaire dá chéile ná a cheapadh, rud a chuirfeadh í ar thús cadhnaíochta ní hamháin in Éirinn ach sa domhan iomlán, rud atá tabhachtach agus í ag iarraidh níos mó mic léinn idirnáisiúnta a mhealladh.

ADVERTISEMENT

Tá na daoine a cheapann go bhfuil sé mar bhunchuspóir ardoideachais céimithe infhostaithe a dhéanamh ag cur ceisteanna faoi luach na n-ealaíona. Tá na dearcthaí sin ag druidim leis an saol acadúil, agus é ráite ag iar-Uachtarán ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste sa bhliain 2016 “nach bhfuil duine de 21 bhliain d’aois atá ina staraí den 6ú aois ag teastáil ón tsochaí.”

Is aithint a luacha atá in ábhair ealaíona a chomhtháthú i gcúrsaí STEM, agus is deacair a shéanadh go mbeadh buntáiste ag mac léinn STEM atá in ann struchtúir ár sochaí a cheistiú nó teanga eile a fhoghlaim.

I ngnéithe éagsúla, tá Coláiste na Tríonóide cheana féin ar thús cadhnaíochta sa chomhthéacs sin. Tá a Áiléar Eolaíochta, mar shampla, ag cruthú droichid thar an deighilt sin ónar bhunaíodh é sa bhliain 2007 agus a bhí áiléir eile ar fud an domhain, ó Londain go Melbourne, mar thoradh aige trí Áiléar Eolaíochta Idirnáisiúnta. Má tá cur chuige nuálach den saghas céanna ag an ollscoil – ag iarraidh athrú gan uathúlacht agus cáilíocht a gcéimeanna a laghdú, mar atá geallta aici mar ghné de Thionscnamh Oideachais na Tríonóide – tá seans ann go mbeidh éifeacht suntasach den saghas sin feicthe againn.