Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 5, 2017

Níl Fadhb atá Inréitithe againn inár n-Aonair atá in Athrú Aeráide. Ach Níl Sé Seo Mar Leithscéal ar Neamhfheidhm

Is gá do mhic léinn a ról i ndul i ngleic le hathrú aeráide a aithint.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agóid bheag a bhí ann, roimh Ambasáid na Stát Aontaithe an steachtain seo caite, ach bhí rianta dóchais níos mó inti. Ár bhfreagra áitiúil féin do eachtra a churi ionadh ar an domhan iomlán a bhí san agóid seo a bhain le hUachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, agus a chinneadh a thír féin a bhaint amach as Comhaontú Pháras.

Cé go raibh an agóid seo taobh amuigh de Ambasáid na Stát Aontaithe, bhí sé dírithe chomh maith ar rialtas na hÉireann. Thug ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan, tús frithbheartaíochta uirthi, agus bhí, in ainneoin na feirge agus an éadóchais, rianta soirbhíochais i measc na sluaite a bhí ann.

Ba cheart go mbeadh an fhrithbheartaíocht dírithe ar ár bpolaiteoirí agus ar an rialtas. Tá Ryan i gceart – tá cur chuige traspháirtí agus trasghiniúint ag teastáil. Tá sé léirithe ag mic léinn, go háirithe in Éirinn, go bhfuil siad in ann rudaí a dhéanamh dóibh féin maidir leis sin. Chuir Fossil Free TCD tús leis sin agus iad ag cur iallach ar Choláiste na Tríonóide dídhílsiú ó bhreosla iontaise. Tamall beag tar éis é sin, vótáil an Dáil chun acmhainní na hÉireann a dhídhílsiú ó bhreosla iontaise.

ADVERTISEMENT

Leoga, is minic gurb í easpa gníomhartha an rialtais atá san fhadhb in áit easpa gníomhartha na mac léinn. In áit an seasamh i bhfabhar dídhílsithe atá ag an Dáil, is beag atá déanta ag an rialtas chun athrú aeráide a shárú. Tugadh ar a dhréachtbheart, a fhoilsíodh cúpla míonna ó shin, “teipeadh mórálta agus dleathach.” Is beag an díograis atá ina thiomantas maidir le Comhaontú Pharás ar aon nós.

Is dócha go bhfuil mic léinn, dá bharr sin, an sampla is fearr de rath atá againne. Tá ollscoileanna tar éis freagra a thabhairt do bhrústocaireacht, suí istigh agus feachtais meán sóisialta láidre. Cén fáth narbh fhéidir leis an rialtas an rud chéanna a dhéanamh? B’fhéidir nach mbeidh Éire choíche ina cheannaire maidir le hathrú aeráide, agus is féidir léi bheith mar cheannaire maidir le fuinneamh inathnuaite a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Ionann sé sin is a rá go mbeidh na seachtainí atá thart thar a bheith tábhachtach, agus rialtas na hÉireann ag cur pleananna le chéile maidir le freagra do athrú aeráide gan comhoibriú na Stát Aontaithe. Is gá an fód a sheasamh roimh fhórsa tola Trump. Is anois go gcaithfimid aithint gur féidir dul i ngleic le hathrú aeráide gan cáilíocht iarchéime. Beidh Taoiseach nua againn go luath agus b’fhéidir go mbeidh olltoghchán eile. Níl am ann le cailleadh.