Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 25, 2017

Spreagadh Láithreach, ach Luach Saothair Fadtéarmach atá i Scéim Teanga nua an Choláiste

Go fiú nuair a leathnaítear seirbhísí trí Ghaeilge, ní éireoidh siad ina gné laethúil den saol ach tar éis tamaill.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Beidh fáilte churtha go forleathan roimh an nuacht go bhfuil Coláiste na Tríonóide tar éis tús a chur le cur i bhfeidhm scéime teanga nua ag comhphobal Gaelach an Choláiste. Tá an scéim, a tháinig i bhfeidhm ag tús na míosa, chun an bhealach ina idirghníomhaíonn baill foirne agus mic léinn leis an chéad teanga oifigiúil a mhunlú ar feadh na trí bhliain atá amach romhainn.

Is iomaí gnéithe den scéim atá inmholta. I measc na mbeartas atá á chur i gcrích tá spriocanna soiléire agus indéanta. Mar shampla, gheall an Coláiste go mbeidh ball foirne amháin ar a laghad san Oifig Iostais agus sa Chlárlann Acadúil a bheidh in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge roimh dheireadh na tríú bliana den scéim. Tugann an scéim féidearthacht cúrsaí Gaeilge ar líne a chur ar fáil do bhaill foirne agus do acadóirí chun cur le ranganna roghnacha atá ar siúl sa Choláiste cheana féin. Dealraíonn sé go bhfuil Coláiste na Tríonóide ag fiosrú treochtaí atá le déanaí i measc an phobail Gaelaigh. Go háirithe, sonraíonn an scéim pleananna chun “preab-Ghaeltacht” a eagrú den saghas céanna is atá ag na tionóil uathspreagtha a bhfuil an-tóir uirthi sna tithe tábhairne atá thart timpeall an Choláiste.

Tá sé thar a bheith dearfach go bhfuil Coláiste na Tríonóide ag iarraidh a dhualgais de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a shárú, go háirithe mar tá gníomh suntasach ag teastáil chun normáltacht a dhéanamh de úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs oifigiúil. Go fiú nuair atá duine éigin ar an láthair atá in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, is iomaí Gaeilgeoirí nach mbeadh airdeallach maidir leis an tseirbhís. Ina theannta sin, is dócha gur iomaí Gaeilgeoirí a chonaic an chomhartha spreagúil ag cuntar na leabharlainne a thugann le fios go bhfuil “seirbhís ar fáil trí Ghaeilge” ach a cheapann in ainneoin sin go mbeadh “faux pas” in úsáid na teanga chun leabhar a fháil ar iasacht. Gan duine ar bith a fheiceáil ag usáid na teanga, is éasca ceapadh go mbeadh sé thar fóir agus amaideach labhairt as Gaeilge.

ADVERTISEMENT

Is dearfach an rud é an mian atá ag an gColáiste an Ghaeilge agus na seirbhísí atá ar fáil tríthi a chur chun cinn agus a leathnú, mar ní dócha go mbeidh luach saothair láithreach maidir leis sin. Is gá na beartas sin a ligint i bhfeidhm ar feadh tamall ionas go mbeadh úsáid na teanga mar ghné laethúil de shaol na hollscoile agus chun comhphobal Gaelach an Choláiste a chothú.