Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 11, 2017

Tá Tubaiste a Rinne an Rialtas Roimh Ollscoileanna agus Mic Léinn

Tá bagairt spásanna sna hollscoileanna do Éireannaigh in UCD mar an fhianaise éadóchais is déanaí roimh ár n-ollscoileanna.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní oscailteacht amháin a bhí i gceist nuair a nocht Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Andrew Deeks, go raibh seans ann go mbeadh sé ar an gcoláiste an uimhir spásanna do mhic léinn Éireannacha a theorannú. Leoga, bhí sé mar an chéad coischéim eile i gcluiche fada ata á imirt ag ár n-ollscoileanna i gcoinne an rialtais – rialtas nach nochtann mórán imní maidir lenár dtodhchaí.

Chruthaigh rialtas na hÉireann an stoirm fhoirfe agus tá seans ann go gcruthóidh sé sin córas toll, gan infháighteacht do chuid mhór mac léinn na hÉireann. Cé go gcuirfimis i gcoinne beartais ar bith a theorannódh an méid spásanna do Éireannaigh in ollscoileanna, tugann an t-éadóchas atá intuigthe i mbagairt UCD léargas ar mhíshástacht na n-ollscoileanna maidir le támhaí an rialtais faoi mhaoiniú ardoideachais.

Is deacracht mhór atá san ardú sna ranguithe do ollscoileanna agus iad ag iarraidh a dteachtaireacht a chur in iúl go soiléir don rialtas. Go híorónta, is féidir go bhfuil an t-ardú sin sna ranguithe bunaithe ar an méadú san uimhir mac léinn idirnáisiúnta atá ag freastal ar UCD agus ar Choláiste na Tríonóide. Tá baol ann go mbeidh fianaise de ghanntanas airgid an dá ollscoil sin tuigthe mar chomhartha a nochtann a sláinte.

ADVERTISEMENT

Tá fíor-eagla ann go bhfuilimid ag cruthú córas oideachas ina bhfuil luach níos lú ag mic léinn a laghdaíonn iontaobh na mac léinn ann. I ndomhan na Breatimeachta, ina bhfuil Éire ag iarraidh í féin a léiriú mar chomhrogha na Ríocht Aontaithe, bheadh sé thar scigaithris mic léinn Éireannacha a íobairt chun slainte airgeadais ár n-ollscoileanna a chosaint chun cinntiú go mbeidís in ann méid ollmhór acadóirí agus mic léinn idirnáisiúnta a mhealladh. Chomh maith leis sin, tá géarchéim iostais i réim atá á “réiteach” ag forbróirí phríobháideacha atá ag baint deiseanna ó ollscoileanna agus iad ag iarraidh dul ag iomaíocht sa mhargadh. Is mar thoradh air sin nach bhfuil cuid de mhic léinn Éireannacha in ann freastal ar ollscoil ar bith.

Tá ollscoileanna na hÉireann ag ídiú a roghanna agus tá mic léinn na hÉireann ag ídiú a bhfoighne. Ní féidir leis an rialtas brath ar ardú sna ranguithe chun seasamh lena gcinntí an mhoill a leathnú maidir leis sin.