Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 23, 2017

Ba Cheart go mBeidh Dréim ag an Earnáil Triú Léibhéal le Níos mó Rialacháin, Seachas Níos lú

Tá neamhaird tugtha ar argóintí ar son scéimeanna iasachtaíochta ó na hinstitiúdí triú léibhéal agus iad ag súil le níos mó fhéinriail, de réir cosúlachta.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Gan amhras, tá na bagairtí ar neamhspléachas na hollscoileanna ar cheann de na cloch is mó atá ar phaidrín an Propast, Patrick Prendergast agus a chuid chomhpháirtithe sa Chumann Ollscoileanna Éireann. Dá bhrí sin, bhí siad ag iarraidh go dtiocfadh scéim iasachtaíochta i bhfeidhm thar aon múnla eile a bhí ós a gcomhair.

Dar leis an dteoiric is tútaí atá ann, nuair a bhogtar an t-ualach ón stáit chuig na mic léinn ó thaobh cistiúchán an oideachais de, ní bheadh an rialtas ag iarraidh tionchar a bheith acu ar chaitheachas na hollscoileanna. Ar an chaoi sin, déanann siad a gcuid roghanna féin, ní chaithfidh siad glacadh le srianta éagsúla. De ghnáth, cuireann na srianta seo teorainn i bhfeidhm maidir leis an méid sa thurastal a fhaigheann na acadóirí agus rialacha eile “bearránacha” a chuireann srian arís ar an líon a fhostaítear ar chonarthaí sealadacha.

Más rud é go bhfuil laghdú ar thionscnaimh státmhaoinithe, “an tslí normálta nua”, ba cheart go mbeadh “dírialáil ag gabháil leis”, dar leis an Propast.

ADVERTISEMENT

Ón nuacht atá againn an tseachtain seo, tá an cuma ar an scéal go bhfuil sé beartaithe ag an tAire Oideachas, Richard Bruton, imscrúdaitheoirí nua a aimniú, atá ar a gcumas acu ‘ceisteanna mór imní’ a fhiosrú sna hinstitiúdí triú léibhéal. Ba chóir go gcuirfeadh an nuacht seo imní orthu, gan dabht. An tseachtain roimhe seo, fuarthas amach go mbeidh pionóis airgeadais ag na hinstitiúdí seo de bharr cheisteanna éagsúla, cosúil le íocaíochtái neamhúdaraithe a thabhairt do bhaill foirne, na cuntais a iniúchadh go mall nó thuariscí ‘contráilte’ a thabhairt maidir le cheisteanna rialachais.

Is féidir leat a rá gur fheagra cuí atá ann de bharr bhainistíocht millteanach i roinnt institiúdí triú léibheal in Éirinn agus tá sé ríshoiléir chomh maith nach mbeidh dírialáil san earnáil seo ag tarlúint le linn na blianta beaga atá amach romhainn.

Mar sin, is féidir linn cás nua a shamhlú, go dtiocfadh scéimeanna iasachtaíochta de réir ioncaim i bhfeidhm mar haon le mhaoirseacht níos déine ón rialtas. Ní a mhalairt a bheadh i gceist.

Níl Prendergast nó a chuid chomhpháirtithe ar Chumann Ollscoileanna Éireann i gcoinne ó thaobh na híde-eolaíochta de an múnla a bhí molta ag an mBord seo cheana féin, oideachas saor in aisce, maoinithe go hiomlán ag an stáit. Ciallaíonn an méid sin go bhfuil a gcuid argóintí ar son na scéimeanna iasachtaíochta meargánta don chuid is mó.