Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 16, 2017

Leis na Míthapaí a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre ó thaobh an tArdoideachais de, is Mór an Crá atá i gceist le rún an Pháirtí sa tSeanad

Tar éis cúig bliana mar chuid den rialtas, ní dhéanann rún éadóchasach an phairtí sa tSeanad mórán chun aspalóid a fháil dóibh ina bpeacaí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Am sa chur amú é ceann de na hathruithe ó bhonn is neamhghnáiche riamh a bhaineann le stair pholasaithe oideachais sa tír, an ceann a rinne an t-aire, Ruairí Quinn a chur faoi chonspóid arís. Cúpla seachtain i ndiaidh geall ollmhór a shíníu ar son Pháirtí an Lucht Oibre chun na taillí ollscoile a reo ag €1,500, d’fhógair seisean ansin go gcuirfear ardú orthu chuig €2,000 (an chéad méadú a bhí ann le linn na mblianta beaga anuas).

Is fíu ceist a chur faoin bhfáth, níos mó ná bliain go leith ón dáta nuair a bhí coiste mhaoiniúcháin ardoideachais an rialtais chun a gcuid tuairisc faoin ngéarchéim seo a chríochnú, níl réiteach bainte amach againn go fóill fá dtaobh mionsamhail an mhaoinithe san earnáil seo. Bhí rún nua molta ag Páirtí an Lucht Oibre an tseachtain seo, a mhol an scéim iasachta de réir ioncaim a dhiúltú. Ag an am chéanna, bhí siad mar pháirt de chinneadh soiniciúil chun moill a chur ar fhoilseacháin na tuairisce thuasluaite seo go dtí deireadh an ollthoghcháin i 2016. Bhí an tuairisc seo, go tráthúil, ar dheasc an t-aire oideachais ag an am, Jan O’Sullivan, roinnt lá tar éis an toghcháin. Thug sé sin cabhair do na pháirtithe an t-ábhar theasaí seo a sheachaint. Mar gheall ar an gcinneadh sin, ní raibh an t-ábhar seo ina thopaic fhíreannach don olltoghchán an bhliain seo.

Tháinig an mhoill seo roimh cinneadh a rinne an rialtas reatha an dualgas a thabhairt do Choiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais cinneadh a dhéanamh air, gníomh dásachtach eile agus na polaiteoirí uilig ag iarraidh neamhaird a dhéanamh ar an t-ábhar seo arís.

ADVERTISEMENT

Ach anois, tiocfaidh réiteach na ghéarchéime ón bhfóram seo. Le linn na cúig bliana a chaith sad mar pháirt den rialtas, bhí deis ollmhór caillte ag an bpáirtí. Ni raibh coiste de shaineolaithe de dhíth chun léiríu dúinn go bhfuil an rogha is fearr leis an pháirtí anois, deireadh a chur leis na táillí ollscoile, indéanta go leor.

Ach faraor, faoi láthair, tá Páirtí an Lucht Oibre ag streachailt maidir leis an gceist seo, fiú tá siad ag cliseadh. Tá Joan Burton, an t-aon ionadaí atá ag an bpáirtí ar an gCoiste Oideachais, tar éis díreach leathchuid de na cruinnuithe faoi ábhar na maoinithe a chailleadh, san áireamh an ceann ar a fhreastal Uachtarán Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide agus uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

Mar gheall ar sin agus an cruthúnas le linn na blianta beaga anuas atá ag an bhpáirtí, is léir gur mór an chrá atá i gceist leis an iarracht éadóchasach atá beartaithe ag Phairtí an Lucht Oibre don tseachtain seo.