Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 30, 2017

Níl gá le Creat Múinteoireachta in Éirinn a scoilt an t-ardoideachas sa Bhreatain

Leis na fadhbanna atá ós ár gcomhair san ardoideachas in Éirinn, níl sé soileir céard atá beartaithe leis an gcreat seo a dheigil acadúlaithe sa Bhreatain.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le linn na blianta beaga anuas, bhí imní ar uachtaráin na n-ollscoileanna in Éirinn faoin ngéarchéim maoinithe san ardoideachas. Le linn an tréimhse chéanna, bhí a gcomhpháirtithe sa Bhreatain ag smaoineamh ar fhadhb mhór dheilgneach eile- an Creatlach um Barrfheabhas Múinteoireachta.

Ceapadh an tseachtain seo go raibh fhoirm éigin den chreat seo ag teacht go hÉirinn- cinéal measúnú fochéime, urraithe ag an rialtas curtha i bhfheidhm ag na hinstitiúdí tríú léibhéal, maoinithe ag an stáit.

Ach níl a gcuid polaiteoirí sa Bhreatain cinnte faoin gcreat thuasluaite seo. Foilsíodh torthaí sealadacha ó thuairiscí cúpla seachtain ó shín agus freagairt dhiúltach a bhí ann. Molann daoine éigin é, ag rá go bhfuil sé ag iarraidh an béim a leagan arís ar an gcaighdéan múinteoireachta sna hollscoileanna. Bheadh sé sin ag taisteáil óna hollscoileanna Éireannacha, faoi gheasa ag mhaoiniú thaighde agus deismíreachtaí acadúla. Ag an am chéanna, bhí sé ráite ag cheannairí ollscoile eile “nach bhfuil creidiúnacht ar bith aici” agus “go bhfuil sé lochtach ó bhonn”. Ar aon chaoi, níl sé soileir séard atá i gceist go díreach leis an gcóras rangú.

ADVERTISEMENT

Mar thoradh, níl sé soiléir cén fáth go mbeadh éinne in Éirinn ag smaoineamh ar chóras den chinéal chéanna ag an am seo.

Tá suirbhé leathan láidir á dhéanamh ag an tÚdarás um Ard-Oideachas, le tacaíocht óna hinstitiúdí triú léibheal agus ó hAontas na Mic Léinn in Éirinn, a bhailíonn tuairimí agus aiseolas chuile bhliain ó mhic léinn ar fud na tíre maidir lena gcuid taithí sa chóras oideachas. Le ceisteanna sonracha faoi straitéisí mhúinteoireachta, an chóras ard-fhoghlamtha agus faoin taithí laethúil atá acu, tá an-chuid eolas anois ag na polaiteorí anseo in Éirinn faoin gcaighdéan múinteoireachta.

Is léir ón na míosa beaga anuas, go bhfuil liosta ollmhór de thograí ag an tAire Oideachas, Richard Bruton i dtaca leis an oideachas triú léibhéal. De réir chosúlachta, tá reitigh aige le haghaidh gach fadhb seachas an ceann is tromchúisí agus is práinní atá ann- fadhb na maoinithe. Má tá chúis ann maidir leis an meath atá againn san ardoideachas, is dócha go gcuireann an ceatadán mic léinn/múinteoirí leis i mbealach éigin. 1:19 an ceatadán atá againn faoi láthair, i bhfad níos airde ná an meáncheatadán OECD, 1:14.

Nílimid in ann an fadhb sin a reitiú le sean-chóras ciotach le laigí móra nach bhfuil ríshoiléir dúinn dúinn go fóill.