Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 20, 2017

Beidh an t-aighneas Tionsclaíoch i gColáiste na Tríonóide mar Láthair Thastála de bharr na Hidirghabhála Rialtais

Beidh an freagra a thugann Coláiste na Tríonóide mar chomhartha don earnáil a chinnfidh dearcadh na n-ollscoileanna eile sa tír.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tháinig gné nua chun solais an tseachtain seo maidir leis an aighneas tionsclaíoch i gColáiste na Tríonóide. Tá an rialtas ag iarraidh go mbeadh na hinstitiúidí triú leibhéal ag smaoineamh arís faoi na conarthaí sealadacha atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Thug an rialtas íde béil dóibh and leis an aighneas atá le braistint faoi láthair i gColáiste na Tríonóide, beidh ar na coláistí dul i ngleic leis an méadú atá tagtha ar líon na gconarthaí sealadacha.

Mar gheall ar an idirbheartaíocht ata ar siúl anois, ní bheidh baill foirne ar champas ag dul ar stailc. Beidh rudaí níos ciúine le linn na míosa beaga atá romhainn, ach tréimhse thábhachtach a bheidh ann ag an am chéanna. Seasfaidh toradh an aighnis mar thástáil litmus. Céard a dhéanfaidh na hinstitiúidí triú leibhéal leis an dtreoir a thug an rialtas dóibh agus gan mórán solúbthacht acu?

Ní dhearna Coláiste na Tríonóide amháin an bhunobair a chuir le díbhuanú an lucht oibre san earnáil triú leibhéal. Claonadh atá le feiceáil ar fud an domhain atá i gceist agus níl sé sin le feiceáil amháin san earnáil seo. É sin ráite, i gcomhthéacs náisiúnta agus clú domhanda ar an ollscoil seo, beidh freagra thábhachtach á thabhairt ag Choláiste na Tríonóide, a bheidh mar chomhartha don rialtas. Gan amhras, beidh tionchar ag an gColáiste ar dhearcadh an rialtais ina leith.

ADVERTISEMENT

Tá an ollscoil bhródúil as a cuid neamhspleáchas féin. Dúirt Mike Jennings, ó Chónaidhm na Múinteoirí Ollscoile in Éirinn leis The University Times nár thug Coláiste na Tríonóide aird ar threoir an rialtais maidir leis an bhfostaíocht sna blianta a chuaigh thart, rud a léirigh go follasach an meon seo.

Ós rud é go gcuireann Coláiste na Tríonóide go láidir in aghaidh an rialtais, beidh múnla ann do choláistí eile sa tír. Má ghlacann siad le comhairle an rialtais, beidh na hollscoileanna eile ag faire amach. Is dócha nach raibh siad ag dréim le treoracha chomh soiléir sin ón rialtas.