Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 6, 2017

Bhí Tionchar mór ag Aontas na Mic Leinn Choláiste na Tríonóide ar an gcomhrá Náisiúnta fá Dtaobh thoiliú, níor cheart Dúinn Tionchar an Aontais a mheas Faoina Luach

Tá Ollscoil na Banríona chun glacadh le múnla Choláiste na Tríonóide, rud a leiríonn an tionchar seachtrach atá ag an aontas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Rinne Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste cinneadh rí-thábhachtach an tseachtain seo caite chun a gcuid ranganna thoilithe féin a thabhairt isteach, díreach cosúil le Choláiste na Tríonóide.

Rinne Aontas na Mic Léinn in Éirinn an chinneadh chéanna anuraidh. Bhain siad leas as thaithí Choláiste na Tríonóide, agus iad ag phlé múnla náisiúnta le linn Mí na Márta.

Chomh maith leis sin, roghnaigh Aontas na Mic Léinn Ollscoil na Banríona múnla Choláiste na Tríonóide thar an dteimpléad eile a bhí ag Aontas Náisiúnta na Mic Leinn sa Bhreatain. Bhí ranganna thoilithe nua ag Aontas Náisiúnta na Mic Léinn i fiche ollscoil sa Ríocht Aontaithe an bhliain seo caite. I gColáiste na Tríonóide, cuireadh tús leis na ranganna gan móran phoiblíocht, gan cabhair ón gColáiste agus le achmhainní níos lú ná a bhí ag Aontas Náisíúnta na Mic Léinn. Bhí teimpléad Choláiste na Tríonóide an cheann is oiriúnaí a bhí ann, de réir chosúlachta.

ADVERTISEMENT

Bhí na ranganna sin bunaithe ar thaighde proifisiúnta, go leor mionphleanála agus obair déanta thar na blianta ag oifigigh na n-aontas. Caitheadh go stuama, go reasúnta agus gan conspóid leo. Leis an gcomhrá náisiúnta a tharla ina dhiaidh, chuir sé sin le próifíl na ranganna. Chuir sé sin ionadh go deimhin ar Aontas na Mic Léinn Choláiste na Tríonóide.

Beidh an-thóir ar na ranganna thoilithe sin i rith na blianta atá romhainn i dtír atá ag streachailt le oideachas gnéasacha níos fearr a sholáthar agus le cearta an ghinmhilllte. Nuair a thosaíonn na hollscoileanna ar fud na tíre ag glacadh na ranganna seo i ndáiríre, beidh múnla ann chéana féin a bhí leagtha amach i dtosach ag Choláiste na Tríonóide.

Bhí rath ar na ranganna thoilithe seo nuair a chuir siad tús le chomhrá náisiúnta nua. Bhí toradh ar a gcuid iarrachtaí chomh maith ar lucht a gcáinte a chur ina dtost agus ar stádas Aontais na Mic Léinn a neartú i measc na mic léinn iad féin. Níor ghlac Ollscoil na Banríona leis an dtionscnamh seo dá bhrí go raibh a lán cainte faoi sna meáin. Is é sin le rá go raibh Choláiste na Tríónóide cúramach le linn na blianta beaga anuas chun feabhas a chur ar na ranganna thoilithe seo agus thapaigh siad an deis go rialta.

Ní raibh Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath in ann an rud chéanna a dhéanamh. D’eagraigh Coláiste na Tríonóide ranganna a chuir gach éinne ar a shuaimhneas agus a thug misneach dóibh go léir. Leis na ranganna atá ag teacht anois, curtha ar bun ag Ollscoil na Bhanríona, is léir go mbeidh tionchar Aontas Na Mic Léinn Choláiste na Tríonóide ag fás amach anseo.