Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 27, 2017

Cathain a thabharfaidh ollscoileanna na tíre tosaíocht cheart do ghéarchéim na cóiríochta?

Cé go raibh an fadhb sin ag cur isteach orainn ar feadh deich mbliana anuas, níl mórán déanta ag ollscoileanna na tíre go fóill chun réiteach oiriúnach a aimsiú i dtaobh géarchéim na cóiríochta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bíonn na fadhbanna céanna á phlé againn achan bhliain faoi ghéarchéim na cóiríochta sna cathracha ar fud na tíre. Tá sé níos soiléire dúinn anois nach bhfuil na hollscoileanna iad féin ag déanamh a ndóthain chun an fadhb sin a réiteach i gceart.

Bíonn sé i gcónaí i mbéal an phobail i rith an dtréimhse seo agus níl aon chosúlacht ann go mbeidh aon bhiseach orainn sna blianta atá amach romhainn. Pléitear cíosanna arda, na tiarnaí talún agus an nualaíocht is déanaí atá againn sna nuachtáin fad is a thugann polaiteoirí agus na hollscoileanna comhairle gonta do na mic léinn agus iad ag iarraidh teach a aimsiú a luaithe agus is féidir don bhliain acadúil.

Ach, céard faoin tiomantas na n-ollscoileanna? Glactar leis nach bhfuil na hinstitiúidí teicneolaíochta in ann tionscadail a bhfuil buiséid mhóra ag gabháil leo a chur ar bun. Tig leis na hollscoileanna tosaíocht a thabhairt do chóiríocht na mac léinn. In áit é sin a dhéanamh, tá Coláiste na Tríonóide chun béim a leagan ar an scoil ghnó nua agus ar an gcampas i nDuga na Canálach Móire. Is mór idir a polasaí agus a cuid iarrachtaí i leith an ábhair seo.

ADVERTISEMENT

Teach Oisín á chur le chéile ag na forbróirí agus beidh lóistín ar fáil ar an gcampas teicneolaíochta i nDuga na Canálach Móire. Tá athruithe fós de dhíth orainn ionas go mbeimid in ann lóistín sábháilte a chur ar fáil do lucht an chéad bhliain, a thagann ón dtír seo agus ón gcoigríoch chuile bhliain.

Bhí na hollscoileanna sa tír seo i mbun oibre le linn na mblianta beaga anuas agus iad ag iarraidh lóistín den chineál seo a aimsiú. Ábhar mór díoma a bhí ann do mhic léinn leis an straitéis a bhí foilsithe ag an rialtas. Níl straitéis fad-téarmach ag na hollscoileanna iad féin go fóill agus léiríonn sé sin gur theip orthu maidir lena gcuid tosaíochtaí. Bíonn go leor ama i gceist leis na tionscadail seo ach bhí an t-am sin acu cheana féin. Bhí neart cloiste ag gach éinne sa tír faoin ngéarchéim seo blianta ó shín. Mar thoradh, beidh sé thar a bheith deacair do na glúnta atá ag teacht lóistín comhroinnte, sábháilte a aimsiú sa chathair.

In ionad tionscadail uaillmhianacha a bheith againn ar fud na cathrach, tá caidreamh costasach againn leis na forbróirí príobháideacha. Glactar leis go bhfuil easpa spás ann, ach bhí an ghéarchéim seo ag cur isteach orainn ar feadh na blianta anois. Bhí go leor ama ann chun smaointí nua a chruthú i leith an ábhair seo. Ach, i láthair na huaire, níl ach tionscnamh cónaithe amháin againn atá fós ar na bacáin.