Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 13, 2017

Tá Neart Ciontaigh ann a chuir leis an Bhfeidhmíocht Aisteach maidir leis an Bhfostaíocht

Níl líon na gcéimithe ó Choláiste na Tríonóide atá fostaithe faoi láthair ach beagánín níos airde ná an méan náisiúnta. Ní léir an fáth atá leis go fóill.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Níl líon na gcéimithe ó Choláiste na Tríonóide ón bhliain 2015 atá fostaithe ach beagánín níos airde ná an meán naisiúnta. Is ábhar iontais é sin ar an dromchla. Bíonn fonn ar Choláiste na Tríonóide a chuid stádas ardchéimiúil sa tír a chur i gcuimhne dúinn go rialta agus tá cúis mhaith acu don chuid is mó. Dhá bhliain ó shín, B’é Coláiste na Tríonóide an t-aon ollscoil Éireannach a roghnaíodh mar chuid de rangú idirnáisiúnta fostaíochta, a bhfuil clú air ar fud na cruinne.

Ag amharc ar na staitisticí seo, nílimid in ann a bheith chinnte má fhaigheann céimithe ó Choláiste na Tríonóide thuarastail níos airde, nó poist sna héarnálacha níos measúla. Ach léiríonn siad dúinn nach bhfuil an lámh in uachtar ag chéimithe ó Choláiste na Tríonóide agus iad ag dul in iomaíocht le céimithe ó choláistí eile ó achan cearn den tír. Tá an ceathrú cuid de na céimithe ón bhliain 2015 fós dífhostaithe ag an bpointe seo. Ní raibh an-rath ag iarchéimithe ó Choláiste na Tríonóide i comparáid leis na hinstitiúdí eile chomh maith. De bharr an cháil atá ag an gColáiste, ba chóir go mbeadh deiseanna níos fearr i ndán dóibh. Cé atá freagrach as an gcruachás seo? Ní léir é sin dúinn go fóill.

An rud is cúis leis? Bhí méadú ar chiorruithe don tSeirbhís Gairmthreoracha le linn na blianta beaga anuas, seirbhís atá an-thábhachtach maidir le straitéis fostaíochta an choláiste. Nochtadh an bhliain seo caite sa The University Times nach raibh comhairleoir gairmthreoracha ag mic léinn a bhí eolaíocht ríomhaireachta agus innealtóireacht á dhéanamh acu. Anuraidh, dúirt siad nach mbeidh siad in ann seirbhís phríobháideach a chur ar fáil d’iarchéimithe de bharr “srianta buiséid”.

ADVERTISEMENT

Tarraingíonn an méid sin míchlú ar an gColáiste maidir le comhairle ó thaobh na ngairmeacha bheatha de, gan amhras. Ach, ag an am chéanna, ní hé sin a rá nach bhfuil an Choláiste dáiríre agus díosgráiseach i leith ábhar na fostaíochta go forleathan.

Mar shampla, cuireann Tionscnamh Oideachais Choláiste na Tríonóide béim shuntasach ar na scileanna a thabharfaidh cabhair do na mic léinn lena gcuid deiseanna gairme sa todhchaí. Is rabhadh é seo áfach agus ní bheidh sé ró-dheacair do Choláiste na Tríonóide tuilleadh achmhainní a chur ar fáil don tSeirbhís Gairmthreoracha.