Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 3, 2017

Ba Chóir go dTapódh Rialtas na hÉireann an Deis chun Ballraíocht CERN a Ghlacadh

Cuirfidh sé sin borradh ollmhór faoin eolaíocht in Éirinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le himeacht aimsire, tá níos mó daoine agus níos mó eagraíochtaí ag cur brú ar an rialtas maidir le CERN. Is léir nach bhfuil an-fhonn ar an rialtas i leith an ábhair seo fiú chun iarratas a chur isteach agus páirt a ghlacadh san eagraíocht iomráiteach seo.

Cuireann an rialtas béim i gcónaí ar an nuálaíocht agus ar an bhfiontraíocht sa sochaí. Déanann an eagraíocht seo an taighde is tábhachtaí ar domhan ó thaobh na heolaíochta de, agus ba shlí foirfe é sin don rialtas chun a gcuid spriocanna a bhaint amach i réimse na heolaíochta.

Sa bhliain 2012, bhí acadóirí ó Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil na hÉireann Máigh Nuad ag iarraidh go gcuirfimid isteach ar bhallraíocht. Ba chuma leis an rialtas ansin agus is cuma leis na polaiteoirí faoi láthair chomh maith. Nuair a ghlac Coláiste na Tríonóide le ballraíocht Cumann LERU, bhí an tAire Oideachais, Richard Bruton ag iarraidh go mbeadh Coláiste na Tríonóide in ann ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ar mhór-roinn na hEorpa.

ADVERTISEMENT

Tá sé ráite ag Chumann na Múinteoirí Eolaíochta in Éirinn go mbeimid in ann tairbhe a bhaint as an deis seo, ó thaobh an taighde, rud atá ráite chomh maith ag pholaiteoirí ó gach pháirtí. Cuirfidh sé sin borradh faoin eolaíocht in Éirinn agus mar haon leis sin, beidh seans ag mhic léinn na tíre páirt a ghlacadh sa taighde clúiteach seo.

Is í an tír seo an t-aon tír in iarthar na hEorpa nach bhfuil ina bhall den eagraíocht seo, seachas An Lucsamburg. Tá tionchar ollmhór ag an eagraíocht ar fud na cruinne, a théann go mór i bhfeidhm ar shamhlaíocht phobal an lae inniú.

Caitear a admháil go bhfuil táille €10 milliún ag baint leis. Tabharfaidh na conarthaí CERN cabhair do na heolaithe ó thaobh an maoiniú de. Tabharfaidh sé cineál tarraingteacht don earnáil seo chomh maith, agus í ag iarraidh níos mó airgid ón rialtas.

I mbliana, bhí teileascóp LOFAR tógtha ionas go raibh siad in ann páirt a ghlacadh i ngréasán ar mhór-roinn na hEorpa le tacaíocht ón rialtas. Leis an neamhchinnteacht atá thart timpeall orainn faoi láthair, ba chóir go ndéanfaidís iarracht chun páirt suntasach a ghlacadh san eagraíocht seo a dhéanann sár-obair i réimse na heolaíochta.