Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 17, 2017

Níl Gá le hOifigeach Nua Chun Ionadaíocht a Dhéanamh d’Iarchéimithe na Tíre

Is féidir le USI níos mó a dhéanamh ar son iarchéimithe na tíre, ach leis an dtaithí atá aige cheana féin, níl gá le hoifigeach nua.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní haon ionadh é go bhfuil Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) ag iarraidh oifigeach iarchéime lán-aimseartha a cheapadh an bhliain seo chugainn. Cuireann na hiarchéimithe an méid céanna isteach san aontas is a íocann na fochéimithe. Níl oifigeach acu, áfach, ar bhonn náisiúnta a dhéanann ionadaíócht dóibh. Tá sé sin fós ina chnámh spáirne dóibh, toisc go bhfuil neart dúshláin rompu agus iad ag staidéar.

oifigeach Gaeilge fostaithe ag an aontas agus tá oifigí réigiúnacha ann anois chomh maith. Bhí coiste iarchéime curtha ar bun ag an gcruinniú cinn bhliana i 2016 ach níor cuireadh sa siúl é. Tá seans go bhfuil siad tinn tuirseach ag an bpointe seo, gan ionadaíocht acu agus iad ag éileamh anois go mbeadh ionadaí lán-aimseartha acu láithreach.

Mar haon leis na hacmhainní atá de dhíth, ba cheart don aontas iarracht a dhéanamh amach ar an tslí ina n-oibreodh sé. Ní dócha go mbeadh an tÚdarás um Ardoideachas (HEA) nó an Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) ag iarraidh glacadh le hionadaí eile. Mar sin, ní bheadh lucht éisteachta ar bith ag an oifigeach faoi dheireadh.

ADVERTISEMENT

Ní fíor é a rá nach dtuigeann Aontas na Mac Léinn in Éirinn na deacrachtaí atá rompu. Rinne An Leas-Uachtarán um Chursaí Acadúla, Oisín Hassan staidéar riamh ag leibhéal iarchéime. Tá an rud chéanna le feiceáil achan bhliain ag an leibhéal is airde san eagraíocht.

Léiríonn an méid sin gur cheart dóibh dul i ngleic leis an ndúshlán ar bhealach nua. Dá mbeadh creatlach ann le haghaidh coiste iarchéime, bheadh sé sin iontach. Níl gá le post iomlán nua chun acmhainní na naontais a úsáid go héifeachtach.