Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 10, 2017

Níor thoghadh bean ina uachtarán in OÉ Gaillimh, Dirímid ár n-aird Anois ar an gcéad deis eile

Tá seans go mbeadh an chéad ban-uachtarán san earnáil tríú leibhéal in Éirinn tofa ag Choláiste na Tríonóide i gceann cúig bliana.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cé go raibh go leor tuairimíocht ann agus coiste curtha ar bun chomh maith, theip ar OÉ Gaillimh ban-uachtarán a thoghadh. Tá seans go mbainfidh Coláiste na Tríonóide an onóir sin amach nuair a éiríonn An Propast, Patrick Prendergast as an bpost sa bhliain 2022. (Tá seans ann go mbeadh sé ag iarraidh téarma amháin eile a dhéanamh).

Níor thogadh bean ina uachtarán go fóill in OÉ Gaillimh. Tá stair achrannach ag an ollscoil seo maidir le comhionannas inscne. Céim aistir a bheadh i gceist don tír, agus muid ag streachailt le fada anois leis an ábhar sin i gcomparáid leis na tíortha eile ar mhór-roinn na hEorpa.

Ag tabhairt aghaidh ar an gcéad toghchán eile, caitear a admháil gur tháinig Máire nic Roibín agus Máire Nic Giolla Íosa as an gColáiste seo. Tá Máire Nic Róibín fós ina seansailéir san ollscoil. Tá Louise Richardson ag obair mar leas-seansailéir in Ollscoil Oxford sa Bhreatain agus tháinig Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, Susan Denham as Choláiste na Tríonóide chomh maith.

ADVERTISEMENT

Cé go mbeidh ceannairí nua á thoghadh ag OÉ Máigh Nuad agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chomh maith, tá comhionannas inscne bainte amach go deimhin ag Choláiste na Tríonóide. Is féidir linn neart iarrthóirí a phiocadh amach ón gColáiste, sin lán-soiléir. Is dócha nach roghnófar iarrathóir seachtrach, ceann nach dtagann ón ollscoil seo.

An tOllamh, Veronica Campbell, An Stiúrthóir um Nuálaíocht Straitéiseach, An tOllamh, Catherine Cominsky, iar-cheannaire sa Scoil Altranais agus an tOllamh, Linda Doyle, Stiúrthóir Connect, Léachtóir sa Roinn Innealtóireachta. Tá an tOllamh, Linda Hogan, iar-Leaspropast, gníomhaí ar son chearta daonna, urraitheoir don Tionscnamh Oideachais Choláiste na Tríonóide (TEP) agus bhíothas ag tuar chomh maith go mbeadh sí ina Cairdinéal san Eaglais Caitliceach in Éirinn.

Tá i bhfad fós le dul againn chun comhionannas inscne a bhaint amach san earnáil seo in Éirinn agus tá an ré nua seo fós i bhfad i gcéin uainn chomh maith. Má roghnaíonn an ollscoil seo an chéad ban-uachtarán riamh san earnáil tríú leibhéal in Éirinn i gceann cúig bliana, léireoidh sé sin go bhfuil an seanchóras ag athrú agus ag titim as a chéile.