Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 24, 2017

Rinne na Mic Léinn a Míle Dícheall agus Chinntigh Siad Nár Tháinig Dada as na Ráflaí Bréagacha faoin dToiliú

Ba cheart don aontas mic léinn an choláiste a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna feachtais. Cinnteoidh sé sin go mbeidh rath ar an aontas amach anseo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a chuireadh tús leis an gcomhrá faoin dtoiliú an bhliain seo caite, b’fhéidir go raibh an chuma ar an scéal go raibh dul chun cinn mór fós le déanamh. Bhí go leor cáineadh déanta ar líne, ag rá gur ionsaí díspeagúil ar fhir a bhí i gceist. I dtosach, bhí daoine áirithe in aghaidh an plean agus bagairt a bhí ann don ghluaiseacht. Ós rud é nach raibh siad i ndáiríre faoin rud, is dócha nach gcuirfí ar bun é.

Rinneadh athbhreithniú ar na ranganna agus anois, tá athchóiriú iomlán déanta orthu. Fuarthas réidh leis an bhfeachtas ‘SmartConsent’ agus tá margaíocht níos tarraingtí agus níos snasta ina áit anois. Rinne siad iarracht aisitheoirí níos cairdiúla, níos ghnaíúla a fhostú.

I mbliana, d’fhreastal nócha fán gcéad de chónaitheoirí ar na ranganna i Halla na Tríonóide, le scuainí fada agus ranganna breise curtha ar bun chomh maith toisc go raibh siad lán go béal roimhe sin. Leiríonn sé sin gur éirigh thar barr leis. Is rud iontach é chomh maith go bhfuil an comhrá sin scaipthe ar fud Halla na Tríonóide. Thóg cuid mhaith acu na paimfléid ‘FRIES’ amach leo i rith na seachtaine.

ADVERTISEMENT

Bhí ar Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCD), an phríomh-ollscoil eile in Éirinn, a ranganna féin faoin dtoiliú a chur ar ceal i mbliana. Is é an difríocht atá ann ná an feachtas comhordaithe, dea-ullmhaithe i gColáiste na Tríonóide. Ní bhíonn rath i gconaí ar na feachtais seo, ach nuair a bhíonn, tarlaíonn sé de bharr an obair atá déanta ag ghrúpa beag, a thagann le chéile le plean uaillmhianach. Nuair a éiríonn ceist ar bith níos práinní, déanann na mic léinn gaisce agus éiríonn siad féin níos ghnóthaí. Tharla sé sin nuair a leiríodh i suirbhé go raibh ciapadh nó ionsaí eile déanta ar an ceathrú cuid de na mic léinn sa Choláiste. I rith na mblianta beaga anuas, tá neart feachtasaíocht feicthe againn ó Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide (TCDSU). Cur i gcás, an cinneadh ó thaobh an dífheistiú de an bhliain seo caite. Má leanann TCDSU leis an obair sin, ag déanamh éascaíochta ar mhic léinn nach bhfuil spéis acu sa pholaitíocht ach go bhfuil fonn acu a bheith mar pháirt de fheactas éigin, is dócha go gcuirfidh an aontas leis an athrú sóisialta sna blianta atá romhainn.