Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 10, 2017

Tá Éileamh Ardghlórach á Dhéanamh ag USI, Léiriú é seo ar an gcur Chuige nua

Bhí Aontas na Mac Léinn in Éirinn buartha go gcaillfeadh sé a chuid stádas, gan mórán torthaí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) ag léirsíu taobh amuigh de Acadamh Ríoga na hÉireann ar an Déardaoin. Dealraíonn sé sin cinéal aisteach toisc gur díospóireacht acadúil a bhí i gceist a rinne phlé ar scéim iasachta de réir ioncaim. Ní bhfuair an tÚdarás um Ardoideachas nó an cheardchumann IFUT cuireadh, eagraíocht a sheasann d’acadóirí sa tír.

Tá na feachtais atá curtha ar bun ag USI déanta go hiomlán níos gairmiúla anois ná mar a bhí riamh. Bhí cur chuige rancásach agus spleodrach acu atá imithe le fada anois.

É sin ráite, bhí léirsithe agus agóidí eagraithe acu ach is mór an difear idir é agus an grúpa corrach a bhí ann, nach raibh sásta géilleadh d’aon duine. Tá siad níos buartha anois faoin stádas nua atá acu sa tír. Ní dhéanann siad an cháineadh géar sin ar pholasaithe an rialtais. Ach, níl mórán torthaí feicthe againn go fóill agus cur chuige níos cáiréisí acu anois.

ADVERTISEMENT

Tá an idirbheartaíocht faoi mhúnla na maoinithe fós ag dul ar aghaidh agus tá seans go mbeadh suaitheadh polaitiúil ag tarlúint san earnáil sna blianta atá romhainn. Tá ról ríshoiléir ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn anois. Ba cheart go mbeadh sé ag screadáil in ard a chinn agus ag seasamh i gcoinne an cinneadh seo a bheidh tionchar mór aige ar an ardoideachas sa tír go ceann na mblianta.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh botún déanta ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn leis an léirsiú seo ar an Déardaoin. Ní bheidh tionchar aige ar an gcinneadh críochnaitheach, de réir mar a shíleann go leor daoine. Tá ár gcuid ionadaithe náisiúnta ag chinntiú go mbeidh ar na polaiteoirí éisteacht le tuairimí na mac léinn i leith an ábhair seo. Tá seans go mbeidh tionchar ag na buanna seo ar an réiteach críochnaitheach.