Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 3, 2017

Tá Ollscoileanna na Tíre Dúghafa leis an Rangú. Cathain a Chuirfear Stop leis?

Beidh na torthaí ón rangú Times Higher Education ar an Máirt. Is féidir linn an míniú a bheidh á thabhairt ag Choláiste na Tríonóide a thuar go furasta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí fadhbanna ag Choláiste na Tríonóide sna blianta a chuaigh thart le rangú na n-ollscoileanna. An bhliain seo caite, bhí sé curtha in iúl ag an ollscoil go raibh ioncaim €355 sa bhliain aic agus mar thoradh bhí sí caite amach ón gcóras foilsithe ag Times Higher Education, an ceann is iomráití ar domhan.

An Feabhra seo caite, léiríodh go raibh titim 30 áit i gceist do Choláiste na Tríonóide agus í sa 131ú áit ag an bpointe seo. Bhí feabhas tagtha ar an gcás seo i Mí Meithimh agus í sa 88ú háit ar domhan, de réir QS.

Cad é gur cheart dúinn a bhaint as an bhforbairt seo? Cuireann an rangú sin go mór le stádas na hollscoile. Is trí suirbhé a dhéantar é agus glacann fostórí is acadóirí páirt. Cuireann an dhá chóras an cóimheas múinteoirí is daltaí san áireamh, rud atá fíor-thábhachtach dóibh.

ADVERTISEMENT

Is féidir linn an bhéim a leagann na hollscoileanna ar an gcóras seo agus na hachmhainní a úsáideann siad a cheistiú, gan amhras. Bhí sé ráite ag Uachtarán Choláiste Bard, Leon Bolstein go raibh ‘an dallamulóg curtha ar an earnáil seo’ agus go bhfuil sé ar cheann de na ‘smáil is mó ar an ardoideachas’ ar an aois seo.

Beidh na torthaí ó Times Higher Education againn ar an Máirt. Ós rud é go mbeadh ardú i gceist do Choláiste na Tríonóide, táthar ag tuar go mbeidh sé ráite ag Déan an Taighde, John Boland, go bhfuil an Coláiste ag chroílár an oideachais in Éirinn. Má bhaineann siad toradh mhaith amach, áit i measc na hollscoileanna is fearr ar domhan, beidh lúcháir ar an bPropast. Léireoidh sé sin dóibh go bhfuil ag éirí go maith leis an straitéis atá acu. D’fhéadfá mionscrúdú a dhéanamh air, gan amhras.

Má tá laghdú i gceist, is cinnte go gcuirfidh na húdaráis an milleán ar an laghdú ata tagtha ar mhaoiniú sa tír. Rinne an Bord Eagarthóireachta seo iarracht le linn na blianta moladh a thabhairt do Choláiste na Tríonóide as na torthaí mhaithe a bhí acu, cé go raibh laghdú á dhéanamh ag an rialtas ar mhaoiniú le linn an dtréimhse seo. An mbeidh an dallamulóg curtha ar an gColáiste go ceann na mblianta atá romhainn?