Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 15, 2017

Ag Tabhairt Aghaidh ar an Marbhántacht, Tá sé in am Dúinn Anois Cinntí a Éileamh

Níl Fine Gael róchinnte i dtaca le hiasachtaí agus mar sin, caithfidh Aontas na Mac Léinn an deis sin a thapú agus cinneadh a éileamh maidir le ceist an mhaonithe.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a bheartaigh Peter Cassells, sa tuairisc a rinne sé faoin ardoideachas in Éirinn, rogha amháin a lua mar chineál status quo, níor tugadh aird uirthi den chuid is mó. Bhí an déscaradh idir iasachtaí agus córas mhaonithe go poiblí mealltach do neart daoine idir tráchtairí agus gníomhaithe. Anseo a rinneadh na sceana géaraithe don díospóireacht.

Ach, an tseachtain seo, i ndiaidh an cáinaisnéis agus an t-ardú an-bheag a bhí déanta ar mhaoiniú don earnáil tríú leibhéal, is léir dúinn go ndearna muid rómheastachán ar chumas na bpolaiteoirí chun cinnteoireacht a dhéanamh. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an focal ‘comhaontú’ ina chódfhocal anois don status quo.

I ndiaidh cúig bliana, má leanaimid leis an luas breá mall seo, beimid in ann stádas an oideachais in Éirinn a thomhas. Ardófar na táillí ollscoile mar haon leis an scéim státmhaoinithe. Tá ollscoileanna na tíre chun a muinín a chailleadh sa mhíorúilt a bhí geallta.

ADVERTISEMENT

Bhí sé ar intinn ag Richard Bruton, an tAire Oideachas ceist an mhaoinithe a leagan amach roimh an gcáinaisnéis 2018. Ach níor thug éinne é sin faoi deara ach oiread agus insíonn sé sin a scéal féin. Níl baill foirne, ceardchumainn nó bainistíocht ag dréim lena mhalairt. Níor thug an proiséas cinnteoireachta seo ach éagumas in áit comhaontú agus tá dóchas caillte ag gach duine, de réir cosúlachta.

Tá réiteach ann. Leiríonn Fine Gael agus Fianna Fáil míshuaimhneas maidir le scéimeanna iasachtaíochta, tá sé in am do dhaoine cinneadh a éileamh. Muna gcuireann Bruton spriocdháta i bhfeidhm, ba chóir go ndéanfadh Aontas na Mac Leinn in Éirinn é. Bheadh sé contúirteach feachtas a eagrú roimh an gcéad olltoghchán eile- dá mbeadh iasachtaí á dtabhairt isteach ag an rialtas, ní bheadh an t-aontas in ann an náire a sheachaint.

Níl spriocdháta nó tuairisc againn ón gcoiste um oideachas agus scileanna go fóill. Tabharfaidh gníomhaíocht dhearfach práinn do pholaiteoirí na tíre, rud a bhí acu go hachomair nuair a fhoilsíodh an Tuairisc Cassells an bhliain seo caite.

Seans nach mbeadh córas maoinithe go poiblí ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn an bhliain seo chugainn, ach ós rud é go mbeadh tacaíocht follasach le braistint do mhic léinn agus do na hollscoileanna, beidh rath ag an aontas. Caithfear aghaidh a thabhairt ar réimse leathan ábhar le linn na mblianta atá romhainn agus tá seans go dtitfidh an t-oideachas síos an liosta seo. Tá an Taoiseach, Leo Varadkar agus Fine Gael ag éisteacht- is dócha go mbeadh sé in am dúinn anois freagra a éileamh.